look1, s.1Féachaint f, amharc m, dearcadh m. The look in his eye, leagan a shúl. To have a look at sth., rud a fhéachaint; féachaint ar rud; súil a thabhairt, a chaitheamh, ar rud. I took a good look at it, bhaineas lán na súl as. A furtive look, catsúil f. I had, took, a look round the town, chuas ag féachaint an bhaile. 2aDealramh m, cló m, dreach m -a, cosúlacht f. He had an ugly look, bhí drochstiúir air, bhí stiúir nimhe faoi. By her look one can see that . . ., is léir ar a dealramh go . . .; tá le léamh uirthi go . . . To judge by looks, rud a mheas ar a chosúlacht. I don't like his looks, the look of him, ní thaitníonn a ghné liom. I don't like the look of the thing, ní maith liom an chuma atá ar an rud. By the look(s) of it, de réir a chosúlachta; ar a dhealramh. The portrait has a look of your mother, tá cuid de do mháthair sa phortráid. bpl.(Good) looks, dathúlacht f, scéimh f.
look2, v.i. & tr.1v.i.Féachaim, dearcaim, amharcaim, breathnaím. aI look through, out of, the window, féachaim, breathnaím, amach an fhuinneog. I look in at the window, féachaim isteach an fhuinneog. I look down the list, féachaim, tugaim súil, feadh an liosta. To look the other way, (i) féachaint sa treo eile; (ii) na súile a iompú (ó rud); cúl a thabhairt le rud. To look in s.o.'s face, féachaint idir an dá shúil ar dhuine; stánadh ar dhuine. bLook before you leap, is fearr féachaint romhat ná dhá fhéachaint i do dhiaidh. Look and see what time it is, féach cad a chlog é. Look where you are going, féach romhat. cI had looked to find a stern master, le máistir dian a bhí súil agam. dWhich way does the house look?cén treo a bhfuil aghaidh an tí?2v.tr.aTo look s.o. (full, straight) in the face, in the eyes, féachaint, stánadh, idir an dá shúil ar dhuine. I can never look him in the face again, ní bheidh tógáil mo chinn agam leis go brách arís. To look s.o. up and down, duine a scrúdú ó mhullach talamh. bHe looked a query at me, d'fhéach sé orm agus ceist ina shúil. To look one's last on sth., breathnú ar rud den uair dheireanach. 3Pred.Dealraíonn, taibhsíonn, féachann, breathnaíonn. He looks happy, féachann sé sona; tá dreach sona air. He looks young for his age, tá cuma na hóige air dá aois. She looks her age, tá a haois le haithint uirthi. He looks it, tá a rian air; tá sé le léamh air. He looks ill, breathnaíonn sé tinn; tá cuma bhreoite air. To look well, (i) (of pers.) féachaint go maith; (ii) (of thg.) dealramh maith a bheith air. It doesn't look well, (of conduct, etc.)níl sé feiliúnach; bheifí ag caint. Things are looking bad, black, nasty, ugly, tá droch-chuma, níl aon dealramh fónta, ar an scéal. How did he look?conas a d'fhéach sé? cén bhail a bhí air?How does my hat look?cad é do mheas ar mo hata?He looks as if, as though, he wanted to . . ., déarfá gur theastaigh uaidh . . .; tá sé mar a bheadh duine a dteastódh uaidh . . . It looks as if he wouldn't go, tá gach dealramh air nach n-imeoidh sé. It does not look to me as if. . ., ní fheictear dom go . . .,ní dóigh liom go . . . What does he look like?cén chosúlacht atá air?The rock looks like granite, is dealraitheach an chloch le heibhear. This looks to me like a way in, seo bealach isteach dar liom. He looks a rascal, tá gotha an bhithiúnaigh air. He looks a real Frenchman, Francach críochnaithe é ar a dhealramh. He looks the part, tá a chomharthaíocht lena chois; tá na gothaí aige. He looks like going, tá cuma air go bhfuil sé ar tí imeacht. He looks like it, tá a chuma sin air. It looks like it, tá a dhealramh sin air. It looks like rain, tá báisteach air. 4F: Look here!, éist!, cogar i leith!