EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
look1, s. 1 Féachaint f, amharc m, dearcadh m. The look in his eye, leagan a shúl. To have a look at sth., rud a fhéachaint; féachaint ar rud; súil a thabhairt, a chaitheamh, ar rud. I took a good look at it, bhaineas lán na súl as. A furtive look, catsúil f. I had, took, a look round the town, chuas ag féachaint an bhaile. 2 a Dealramh m, cló m, dreach m -a, cosúlacht f. He had an ugly look, bhí drochstiúir air, bhí stiúir nimhe faoi. By her look one can see that . . ., is léir ar a dealramh go . . .; tá le léamh uirthi go . . . To judge by looks, rud a mheas ar a chosúlacht. I don't like his looks, the look of him, ní thaitníonn a ghné liom. I don't like the look of the thing, ní maith liom an chuma atá ar an rud. By the look(s) of it, de réir a chosúlachta; ar a dhealramh. The portrait has a look of your mother, tá cuid de do mháthair sa phortráid. b pl. (Good) looks, dathúlacht f, scéimh f.
look2, v.i. & tr. 1 v.i. Féachaim, dearcaim, amharcaim, breathnaím. a I look through, out of, the window, féachaim, breathnaím, amach an fhuinneog. I look in at the window, féachaim isteach an fhuinneog. I look down the list, féachaim, tugaim súil, feadh an liosta. To look the other way, (i) féachaint sa treo eile; (ii) na súile a iompú (ó rud); cúl a thabhairt le rud. To look in s.o.'s face, féachaint idir an dá shúil ar dhuine; stánadh ar dhuine. b Look before you leap, is fearr féachaint romhat ná dhá fhéachaint i do dhiaidh. Look and see what time it is, féach cad a chlog é. Look where you are going, féach romhat. c I had looked to find a stern master, le máistir dian a bhí súil agam. d Which way does the house look? cén treo a bhfuil aghaidh an tí? 2 v.tr. a To look s.o. (full, straight) in the face, in the eyes, féachaint, stánadh, idir an dá shúil ar dhuine. I can never look him in the face again, ní bheidh tógáil mo chinn agam leis go brách arís. To look s.o. up and down, duine a scrúdú ó mhullach talamh. b He looked a query at me, d'fhéach sé orm agus ceist ina shúil. To look one's last on sth., breathnú ar rud den uair dheireanach. 3 Pred. Dealraíonn, taibhsíonn, féachann, breathnaíonn. He looks happy, féachann sé sona; tá dreach sona air. He looks young for his age, tá cuma na hóige air dá aois. She looks her age, tá a haois le haithint uirthi. He looks it, tá a rian air; tá sé le léamh air. He looks ill, breathnaíonn sé tinn; tá cuma bhreoite air. To look well, (i) (of pers.) féachaint go maith; (ii) (of thg.) dealramh maith a bheith air. It doesn't look well, (of conduct, etc.) níl sé feiliúnach; bheifí ag caint. Things are looking bad, black, nasty, ugly, tá droch-chuma, níl aon dealramh fónta, ar an scéal. How did he look? conas a d'fhéach sé? cén bhail a bhí air? How does my hat look? cad é do mheas ar mo hata? He looks as if, as though, he wanted to . . ., déarfá gur theastaigh uaidh . . .; tá sé mar a bheadh duine a dteastódh uaidh . . . It looks as if he wouldn't go, tá gach dealramh air nach n-imeoidh sé. It does not look to me as if. . ., ní fheictear dom go . . .,ní dóigh liom go . . . What does he look like? cén chosúlacht atá air? The rock looks like granite, is dealraitheach an chloch le heibhear. This looks to me like a way in, seo bealach isteach dar liom. He looks a rascal, tá gotha an bhithiúnaigh air. He looks a real Frenchman, Francach críochnaithe é ar a dhealramh. He looks the part, tá a chomharthaíocht lena chois; tá na gothaí aige. He looks like going, tá cuma air go bhfuil sé ar tí imeacht. He looks like it, tá a chuma sin air. It looks like it, tá a dhealramh sin air. It looks like rain, tá báisteach air. 4 F: Look here!, éist!, cogar i leith!
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
There was a look of kindness about his face, bhí dreach cineálta air.
He gave it an admiring look, chaith sé súil thaitneamhach air.
He does not look his age, níl a aois le haithint air.
You should look ahead, ba chóir duit féachaint romhat.
Look alive! bog thú féin! déan deifir!
An angry look, stiúir f feirge, colgfhéachaint f -ana.
He had a look of annoyance, bhí dreach cráite air.
A look of blank astonishment came over his face, tháinig leathadh súl air le hiontas.
To look at sth., amharc ar rud.
She's not bad-looking, tá sí sách dathúil.
He looks as if he had just stepped out of a bandbox, is geall le cat siopa é.
He is lame, droll, good-looking, tá sé bacach, barrúil, slachtmhar.
Look behind you, amharc taobh thiar díot,
He looks black, tá dreach urchóideach air.
Blank look, dreach marbh, féachaint mharbh.
To look blankly at s.o., amharc ar dhuine, (i) le hiontas; (ii) go leamh.
He looks blue, (i) tá dreach gruama air; (ii) tá dreach scáfar air.
Keep a bright look-out, bíodh súil le féachaint agat.
Brisk-looking children, páistí aibí, gasta.
A cadaverous look, dath m an bháis.
A cat may look at a king, faigheann an cat cead amharc ar an rí is ní fhaigheann an rí cead é a chaitheamh.
He was looking, having an eye, to the main chance, bhí sé ag coinneáil súil ar a leas.
F: His looks condemn him, tá a chionta le haithint air.
I was conscious that he was looking at me, mhothaigh, bhraith, mé go raibh sé ag breathnú orm.
A look out of the corner of one’s eye, dearcadh fiar, claon.
To look on sth. with a critical eye, rud a bhreithniú go grinn.
To look at sth. critically, breathnú ar rud go grinn.
He always looks on the dark side of things, bíonn an taobh gruama den scéal i gcónaí aige, bíonn an drochscéal i gcónaí aige.
Dilapidated-looking car, seanghliogar m de charr.
Look of disapproval, féachaint mhíshásta, dhímheasúil.
A disreputable looking person, duine a mbeadh cuma an bhithiúnaigh air, drochghotha air.
Distant look, féachaint imigéiniúil.
Eloquent look, féachaint lán de chiall, de mhothú.
Look of entreaty, féachaint f impíoch.
To look everywhere for someone, dóigh agus andóigh a chuardach ar thóir duine.
To look s.o. straight in the eye, breathnú idir an dá shúil ar dhuine.
I can never look him in the face again, ní ligfidh an náire dom féachaint idir an dá shúil air go deo arís.
To look facts in the face, aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne.
He did not look so far into the future, níor fhéach sé chomh fada sin roimhe.
Far-away look, féachaint smaointeach.
To look on s.o. with a favourable eye, bheith claonta i leith duine.
It looks, sounds, fishy, tá uisce faoi thalamh éigin ann; tá boladh an mhadra rua uaidh.
He is looking forward to it very much, tá a shúil go mór leis; is fada leis a theacht.
To have a frightened look, bheith sceadsúileach, scáthshúileach.
From his looks you might suppose that . . ., ar a dhealramh thuigfí dhuit go . . .
To look at the front of sth., féachaint ar aghaidh ruda.
Look in front of you, féach romhat (amach), os do chomhair amach.
He looks fuddled, tá an deoir le haithint air.
Look full of gratitude, súile lán buíochais.
He wears a gallows look, tá cruth bithiúnaigh air.