tell,Iv.tr.1aInsím, deirim (scéal, nuacht, etc.). To tell a lie, the truth, bréag, an fhírinne, a dhéanamh. bTo tell s.o. sth., rud a insint do dhuine, a rá le duine. I cannot tell you how pleased I am, níl insint béil agam ar an áthas atá orm. I have been told that . . ., chuala mé go . . . I tell you no!deirim leat nach ea (bhfuil, etc.)!Don't let me have to tell you that again, ná bíodh sin le rá agam arís leat. I told you so!cad dúirt mé leat!I’ll tell you what!cogar mé leat!cInsím, aithrisím (scéal, eachtra). He told me all, d'inis, d'eachtraigh, sé an t-iomlán dom. F: Tell me another!ceann eile nuair atá tú ina cheann!She detests him more than words can tell, níl insint béil ar an bhfuath atá aici dó. I hear tell that . . ., cloisim á rá go . . . I heard tell of it, chuala mé iomrá air. dFoilsím, nochtaim (eolas); sceithim (rún). The sign tells the way, tugann an comhartha eolas an bhealaigh. (Of clock) To tell the time, an t-am a thabhairt. It tells the quarters, buaileann sé an cheathrú. To tell a secret to s.o., rún a ligean le duine. S.a. FORTUNE1. 2aTo tell s.o. about s.o., labhairt le duine, insint do dhuine, i dtaobh duine. To tell of foreign lands, bheith ag eachtraí ar thíortha i gcéin. b(Emphatic) It is not so easy, let me tell you, níl sé chomh réidh sin, deirimse leat, geallaimse dhuit. He will be furious, I (can) tell you, beidh sé ar mire, mise á rá leat, mise i mbannaí. 3To tell s.o. to do sth., iarraidh ar dhuine, a rá le duine, rud a dhéanamh. Do as you are told, déan mar a deirtear leat. I told him not to go away, d'iarr mé air, dúirt mé leis, gan imeacht. 4aAithním (ó chéile, seachas a chéile, thar a chéile). To tell right from wrong, aithint idir an mhaith is an t-olc. You can't tell her from her sister, ní aithneofá í óna deirfiúr. To tell the clock, an clog a aithint. I could tell him by his voice, a ghlór a d'aithin mé. One can tell that she is intelligent, tá an intleacht le haithint uirthi. bTá a fhios agam. How can I tell you?cá bhfios domsa?Who can tell?cá bhfios?You never can tell, is deacair a rá. I cannot tell, ní heol dom. 5To tell of sth., rud a léiriú, a thaispeáint. Her face tells of suffering, tá an fhulaingt le haithint, le léamh, ar a haghaidh. 6To tell (over), (caoirigh, etc.) a chuntas, a chomhaireamh. All told, san iomlán. There were twenty people all told, bhí fiche duine ann ar fad. S.a. BEAD1 1. II►tell, v.i.aTéann i bhfeidhm, i gcion. Blood will tell, ní féidir an dúchas a cheilt. Words that tell, focail a bhfuil éifeacht iontu. Every shot tells, déanann gach urchar a chion féin; téann gach urchar abhaile. It will tell upon your health, cuirfidh sé ar do shláinte. Drink tells upon one in time, fágann an t-ól a dheasca ar dhuine sa síneadh fada. bThis tells in his favour, tá seo ina leith. Everything told against him, bhí gach aon sórt ina choinne.