money, s.1aAirgead m. Piece of money, píosa m airgid; bonn m airgid. Silver money, airgead geal. Paper money, airgead m páipéir. Current money, airgead reatha. Counterfeit money, base money, airgead bréige. F: To throw good money after bad, bheith ag súil le cúiteamh an chearrbhaigh. Ready money, airgead tirim; airgead boise. Money payment, íocaíocht airgid. bOne's own money, do chuid maoine féin. F: Money is scarce, tá an t-airgead gann. Bank: Money at call, airgead (le fáil) ach é a iarraidh. To make money, brabach, airgead, a dhéanamh. He is coining money, tá sé ag carnadh airgid. To come into money, oidhreacht a fháil. He is made of money, tá sé lofa le hairgead. He has a pot of money, tá cara airgid aige. He is rolling in money, tá sé ar maos in airgead. To part with one's money, do chuid airgid a íoc. I want to get my money back, tá mé ag iarraidh mo chuid féin a bhaint as, mo bhris a thabhairt isteach. It is a bargain for the money, conradh maith ar an airgead é. F: You are the man for my money, is tú mo dhuine. There is money in it, dhéanfaí airgead as. It will bring in big money, beidh pingin mhór as. You have had your money's worth, tá luach do chuid airgid agat. Money makes, begets, money, saothraíonn pingin pingin eile. Your money or your life!do bheo nó do sparán! He has a money interest in it, tá airgead aige ann. Journ: Money article, alt m airgeadais. 2pl.A. & Jur: Moneys, monies, suimeanna airgid. Moneys paid out, suimeanna airgid a híocadh. Public moneys, airgead poiblí. Sundry monies owing to him, fiacha éagsúla a bhí amuigh aige.