EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
found 1 , v .tr . a Bunaím, cuirim ar bun (baile, coláiste, comhlacht gnótha) . He founded a family there , bhunaigh sé teaghlach ann ; d'fhág sé sliocht ina dhiaidh ann . b Bunaím (tuairim) (on , ar ) . (Of novel) Founded on fact , bunaithe ar an bhfírinne .
found 2 , v .tr .Metall : Teilgim (miotal) ; múnlaím (bruth miotail) .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He found his own account in it , chuaigh sé ar sochar dó .
I actually found the door open! an é do bharúil nach raibh an doras oscailte romham!
I found him greatly aged , chonacthas dom go raibh an aois tite go mór air .
It was not to be found , ní raibh sé le fáil , ní raibh aon fháil air ,
(Of swimmer) He found bottom again , fuair sé áit a bhonn arís .
I found it buried under my papers , tháinig mé air agus é i bhfolach faoi mo chuid páipéar .
He found her frankness disarming , bhí sí chomh macánta sin gur bhain sí dá lúdracha é .
He found himself in a false position , sáinníodh é sa chaoi go mb'éigean dó dul in aghaidh a choinsiasa féin .
He found favour with the king, gained the king's favour , thug sé an rí ar a thaobh ,
It is found everywhere , faightear i ngach áit é .
He found some difficulty in doing it , chuaigh sé roinnt deacair air, leis, é a dhéanamh .
Leave it as you found it , fág é mar a fuairis romhat é .
I found nobody at home , ní raibh aon duine istigh romham .
I found myself crying , bhris an gol orm gan fhios dom féin .
The (lost) key was found , fuarthas, thángthas ar, an eochair (a bhí caillte) .
He is not to be found , níl aon fháil air .
He found his way home , mheabhraigh sé a bhealach abhaile .
It has been found that . . ., tá faighte amach go . . .
I found she had left the house , fuaireas go raibh an teach fágtha aici .
I found myself growing tired , d'airíos mé féin ag éirí tuirseach .
The judge found him guilty , thug an breitheamh ciontach é .
Wages £20 all found , tuarastal £20 agus cothú .
He found the birds flown , ní raibh roimhe ach an easair fholamh .
He has found his feet , tá sé bunaithe ann ; tá sé chun fiaigh, chun reatha .
He was found guilty , fuarthas, tugadh, ciontach é .
When he found his legs , (i) nuair d'éirigh leis seasamh ; (ii) nuair a thuig sé a chumas féin ; (iii) nuair rinne sé bun ina ghnó .
He found his level , bhain sé amach an t-ionad ba dhual dó .
He found himself locked out , fuair sé an glas ar an doras roimhe .
(With neg. expressed or implied) It is nowhere to be found , níl sé le fáil thíos ná thuas .
I found a few remnants of food , tháinig mé ar chúpla grabhróg, sprúdar éigin, bia .
I found her just the same as before , fuaireas mar bhí sí riamh í .
He founded no school , níor fhág sé lucht leanúna, deisceabail, ar bith ina dhiaidh .
He found favour in her sight , thug sí taitneamh dó .
Some other solution will have to be found , caithfear teacht ar réiteach éigin eile .
He was successful in founding a business , rith leis gnó a bhunú .
I found him looking surprisingly young , chonacthas dom a bheith i bhfad níos óige ná mar a bheadh coinne agat .
He found his tongue again , tháinig an chaint leis arís .
No trace of him is to be found , níl tásc ná tuairisc air, níl lá tuairisce le fáil air .
He was tried and found wanting , ní raibh cuid a thástála ann ; ní raibh an mianach ann nuair a tháinig air .
We found everything undisturbed , fuaireamar gach rud ina áit féin .
He was tried and found wanting , chlis sé sa triail, fuarthas folamh é nuair a cuireadh an triail air .
Poet : He found a watery grave , ba é an fuaruisce a leaba .
He found his way into the house , d'éirigh leis dul isteach sa teach .
I found a kind welcome , cuireadh fíorchaoin fáilte romham .
Ask him who found it? fiafraigh de cé a fuair é?
The wonder is that he found it , is é an chuid is iontaí den scéal go bhfuair sé é .