Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: bound · fond · fount · fund · hound
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é found de: find »
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh found »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
found1, v.tr. a Bunaím, cuirim ar bun (baile, coláiste, comhlacht gnótha). He founded a family there, bhunaigh sé teaghlach ann; d'fhág sé sliocht ina dhiaidh ann. b Bunaím (tuairim)(on, ar). (Of novel) Founded on fact, bunaithe ar an bhfírinne.
found2, v.tr.Metall: Teilgim (miotal); múnlaím (bruth miotail).
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He found his own account in it, chuaigh sé ar sochar dó.
I actually found the door open! an é do bharúil nach raibh an doras oscailte romham!
I found him greatly aged, chonacthas dom go raibh an aois tite go mór air.
It was not to be found, ní raibh sé le fáil, ní raibh aon fháil air,
(Of swimmer) He found bottom again, fuair sé áit a bhonn arís.
I found it buried under my papers, tháinig mé air agus é i bhfolach faoi mo chuid páipéar.
He found her frankness disarming, bhí sí chomh macánta sin gur bhain sí dá lúdracha é.
He found himself in a false position, sáinníodh é sa chaoi go mb'éigean dó dul in aghaidh a choinsiasa féin.
He found favour with the king, gained the king's favour, thug sé an rí ar a thaobh,
It is found everywhere, faightear i ngach áit é.
He found some difficulty in doing it, chuaigh sé roinnt deacair air, leis, é a dhéanamh.
Leave it as you found it, fág é mar a fuairis romhat é.
I found nobody at home, ní raibh aon duine istigh romham.
I found myself crying, bhris an gol orm gan fhios dom féin.
The (lost) key was found, fuarthas, thángthas ar, an eochair (a bhí caillte).
He is not to be found, níl aon fháil air.
He found his way home, mheabhraigh sé a bhealach abhaile.
It has been found that . . ., tá faighte amach go . . .
I found she had left the house, fuaireas go raibh an teach fágtha aici.
I found myself growing tired, d'airíos mé féin ag éirí tuirseach.
The judge found him guilty, thug an breitheamh ciontach é.
Wages £20 all found, tuarastal £20 agus cothú.
He found the birds flown, ní raibh roimhe ach an easair fholamh.
He has found his feet, tá sé bunaithe ann; tá sé chun fiaigh, chun reatha.
He was found guilty, fuarthas, tugadh, ciontach é.
When he found his legs, (i) nuair d'éirigh leis seasamh; (ii) nuair a thuig sé a chumas féin; (iii) nuair rinne sé bun ina ghnó.
He found his level, bhain sé amach an t-ionad ba dhual dó.
He found himself locked out, fuair sé an glas ar an doras roimhe.
(With neg. expressed or implied) It is nowhere to be found, níl sé le fáil thíos ná thuas.
I found a few remnants of food, tháinig mé ar chúpla grabhróg, sprúdar éigin, bia.
I found her just the same as before, fuaireas mar bhí sí riamh í.
He founded no school, níor fhág sé lucht leanúna, deisceabail, ar bith ina dhiaidh.
He found favour in her sight, thug sí taitneamh dó.
Some other solution will have to be found, caithfear teacht ar réiteach éigin eile.
I found him looking surprisingly young, chonacthas dom a bheith i bhfad níos óige ná mar a bheadh coinne agat.
He found his tongue again, tháinig an chaint leis arís.
No trace of him is to be found, níl tásc ná tuairisc air, níl lá tuairisce le fáil air.
He was tried and found wanting, ní raibh cuid a thástála ann; ní raibh an mianach ann nuair a tháinig air.
We found everything undisturbed, fuaireamar gach rud ina áit féin.
He was tried and found wanting, chlis sé sa triail, fuarthas folamh é nuair a cuireadh an triail air.
Poet: He found a watery grave, ba é an fuaruisce a leaba.
He found his way into the house, d'éirigh leis dul isteach sa teach.
I found a kind welcome, cuireadh fíorchaoin fáilte romham.
Ask him who found it? fiafraigh de cé a fuair é?
The wonder is that he found it, is é an chuid is iontaí den scéal go bhfuair sé é.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht