free1, a. & s.1Saor. Nau: Free port, calafort saor. Thought is free, níl srian le cur ar an smaoineamh. Man is a free agent, tá an duine neamhspleách. I am a free agent, níl mo bheann ar aon duine. To set a slave free, daor m a fhuascailt, a shaoradh. To set a bird free, éan a scaoileadh amach. To set free a prisoner, príosúnach a scaoileadh saor, a cheann a ligean le príosúnach. She offered to set him free, thairg sí é a scaoileadh óna ghealltanas. 2(Unoccupied) Saor, folamh, díomhaoin. I’ll be free at three, beidh mé ar scor ag a trí. Is this table free?, an bhfuil an bord seo tógtha?Tg: Tp: Free line, líne dhíomhaoin. A free day, lá scoirthe, lá saoire. 3aFree speech, saoirse f cainte. Free will, saorthoil f -a. Of his own free will, dá shaorthoil féin. Right of free entry, ceart m saoriontrála. I have a free hand, táim ar mo chomhairle féin, ar mo thoil féin; tá cead fara agus fré agam. To give s.o. a free hand, cead a chinn a thabhairt do dhuine. You are free to do so, níl a bhac, aon chros, ort a dhéanamh. You are free to do as you please, féadfaidh tú do rogha rud a dhéanamh; níl stad ná stopadh ort. Fishing is free here, tá cead iascaigh anseo. b(Of touch, style, etc.) Éasca, réidh, aclaí, líofa. cScaoilte. Free end of a rope, ceann marbh téide. Mec.E: Free motion of a piece, soghluaisteacht f píosa (in inneall). dFree from sth., of sth., saor ó rud. To be free from care, bheith gan cúram, saor ó bhuaireamh. He is free from all preoccupations, níl rud ar domhan ar a aire. Place free from dust, áit a bheadh glan ó smúit. Style free from affectation, stíl a bheadh saor ó chur i gcéill. At last I am free of him, táim scartha leis faoi dheireadh. To break free from s.o.'s influence, imeacht ó chumhacht duine. eSaor(of, ó). Cust: Free of duty, duty-free, saor ó dhleacht. Free list, liosta saorearraí. 4aCh: etc.(Of gas, etc.) Saor. Free gold, ór gan oibriú. bFree energy, ardchumhacht f. 5aFree offer, tairiscint dheonach. Free choice, rogha de dheoin. As a free gift, mar bhronntanas saor in aisce. Pros: Free verse, saormheadaracht f. You are very free in blaming others, is réidh uait an milleán a chur ar dhaoine eile. bFlaithiúil, fial, boigéiseach. To be free with sth., bheith flaithiúil le rud. He is free with his money, caitheann sé a chuid airgid go bog, go fras. He is free with what is not his own, is fial a stiall de leathar duine eile. He is free with his hands, tá sé bosluath, tapaidh as a lámha. c(Of pers., manner) Fáilteach, oscailte, réidh. Free and easy, réchúiseach, neamhchorrbhuaiseach. In a free and easy tone, de ghlór dhíolúnta. dTo make free with s.o., dánacht f, teanntás m, a imirt ar dhuine. To make free with sth., rud a chaitheamh go rábach. e(Of language) Garbh, béalscaoilte gráisciúil. 6He is free of our house, tá fáilte roimhe i gcónaí chun an tí againn. 7Saor, in aisce. Admission free, cead isteach saor. Th: etc: Free ticket, ticéad m in aisce. Com: Delivery free, seachadadh m in aisce. Post free, saor ar an bpost. Free on rail, saor ar iarnród. Free alongside ship, saor cois loinge. Free on board, saor ar bord. 8adv.aCatalogue sent free on request, clár in aisce ach é a iarraidh. The hall is open free on Saturdays, tá cead isteach saor sa halla ar an Satharn. bVessel running free, long á leagan (anuas), ag rith le gaoth. ►freely, adv.1Go saor, etc.; gan bhac. To give freely to s.o., tabhairt go flaithiúil do dhuine. To spend freely, airgead a chaitheamh go boigéiseach. To weep freely, gol go fuíoch.2(Labhraím) go hoscailte, go neamhbhalbh, gan eagla.
free2, v.tr.aSaoraim, fuasclaím (cine); scaoilim (príosúnach). I freed myself from his grasp, bhain mé mé féin as a ghreim, scaoil mé a ghreim orm. bCuirim, saoraim (duine ó imní, ó ghanntan). cRéitím, osclaím (cosán, bóthar). To free a road of snow, sneachta a ghlanadh de bhóthar. dMec.E: Réitím (gléas). eRéitím (síothlán, scagaire). fTo free a property (from mortgage), an morgáiste a fhuascailt ar shealbhán.