EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
hill , s . 1 a Cnoc m . Up hill and down dale, over hill and dale , thar sliabh agus gleann . Hill-country , tír chnocach . Hill road , bealach m cnoic , bóthar m sléibhe . b Cnocán m , tulach f . See ANT-HILL, MOLE-HILL. 2 (On road) (i) Ard m , ardán m ; (ii) ísleán m , fánán m . Aut Speed up hill , luas in aghaidh aird . He is going down the hill , (i) tá sé ag dul an cnoc síos ; (ii) F : tá sé ag meath, ag titim .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The hills (round) about the town , na cnoic timpeall an bhaile .
To ascend a hill , dul suas cnoc .
On the back of the hill , ar dhroim an chnoic .
At the back of the hill , ar chúl an chnoic .
The hills that back the town , na cnoic atá ar chúl an bhaile .
Belt of hills , crioslach m cnoc .
To breast a hill , cnoc a thógáil .
Aut : Sp : Hill climb , dreapadóireacht f cnoic .
The road climbs up the side of a hill , tá an bóthar ag dul suas taobh an chnoic .
To coast (down a hill) , teacht anuas le fána i gcarr sleamhnáin ; Cy : dul le fána ar rothar (gan na troitheáin a oibriú) ; Aut : dul le fána i ngluaisteán (agus an t-inneall stoptha) .
The enemy were easily dislodged from the hill , ruaigeadh an namhaid den chnoc gan dua .
Hill which was dotted with houses , cnoc a bhí breac le tithe .
To go down the street, down a hill , dul síos an tsráid, síos an cnoc .
The far side of the street, the hill , an taobh thall den tsráid, den chnoc .
He came from over the hills , b'as taobh amuigh de shliabh é .
To labour up a hill , barr cnoic a bhaint amach le dua .
Road that lies between two hills , bóthar a ghabhann idir dhá chnoc .
To mount a hill , dul in airde go barr cnoic ; cnoc a ardú .
To make mountains out of mole-hills , míol mór a dhéanamh de mhíoltóg .
That's as old as the hills , tá sin ann ó aimsir na díleann .
The Palatine (Hill) , an (Cnoc) Palaitíneach .
The most prominent object on the hill , an rud is feiceálaí ar an gcnoc .
Up-hill pull , strus m in aghaidh an aird .
(Of pers., car, etc.) To pull slowly up the hill , an bealach a dhéanamh go mall in aghaidh an chnoic .
Lit : Hills robed in verdure , cnoic faoi chumhdach glas .
To roll down hill , rolladh anuas an cnoc .
He scrambled up the hill , aníos leis an cnoc ag crúbadach .
The town stands against a hill , tá cúl an bhaile le cnoc .
Hills sweeping down to the sea , cnoic ag teacht anuas le fána go farraige .
To take to the hills , an sliabh a thabhairt ort féin .
To toil up a hill , tarraingt go hanróiteach in aghaidh an chnoic ; dua an chnoic a fháil .
Aut : F : To climb a hill on top , dul suas cnoc san ardghiar .
To top a hill , barr cnoic a bhaint amach .
Hill torrent , tuile shléibhe .
Treeless hills , cnoic loma gan chrann .
To tunnel a hill, to tunnel through, into, a hill , tollán a thochailt trí chnoc .
To go up the hill, stairs , dul suas an cnoc, an staighre .
The vocal hills , sléibhte an mhacalla .
The road winds up the hill , tá an bóthar ag caismearnach suas taobh an chnoic .