EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
another , a . & pron. 1 (An additional) Another glass of wine , gloine eile fíona . In another ten years , faoi cheann deich mbliana eile . I have received another ten pounds , fuair mé deich bpunt eile . Without saying another word , gan an dara focal a rá . 2 (A similar) Such another , ceann eile den chineál céanna, a leithéid eile . There is not such another man , níl an dara duine dá chineál ar an saol . 3 a (A different) Another was there before me , bhí duine eile ansin romham . That is (quite) another thing , sin scéal eile (ar fad) ; F : sin coileán de phór eile . Another time , am éigin eile . b She has now another husband , tá fear eile anois aici . 4 One ... another . a Rowing is one thing, sailing is another , is mór idir iomramh agus seoltóireacht . b (Taking) one year with another , an bhliain mhaith leis an drochbhliain . Taking one thing with another , idir gach aon sórt . As good as another , chomh maith le duine . S.a. THING 3. c (Reciprocal pron. ) Love one another , bíodh grá agaibh dá chéile .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To accommodate one thing to another , rud a chur in oiriúint do, a oiriúnú le, rud eile .
To aid one another , cuidiú le chéile ; cúnamh a thabhairt dá chéile .
Another difficulty arose then , ansin tháinig achrann eile sa bhealach .
Official temporarily attached to another department , oifigeach atá ar fostú go sealadach ag roinn eile .
One mistake balanced another , chomhcheartaigh na dearmaid a chéile .
Subjects closely bound up with one another , ábhair a bhfuil baint mhór acu le chéile , ábhair atá fite fuaite le chéile .
To change one thing for another , rud a bhabhtáil ar rud eile ; rud a mhalartú ar rud eile .
To cling together, to one another , teannadh le chéile ; fanacht dlúth le chéile .
They are acting in collusion with one another , tá siad rúnpháirteach le chéile .
Rooms that communicate with one another , seomraí a bhfuil bealach eatarthu .
They were in communication with one another during the week , bhí teachtaireachtaí eatarthu i rith na seachtaine .
These errors compensate one another , cealaíonn na dearmaid seo a chéile ; cúitíonn na hearráidí seo lena chéile .
To confuse one thing with another , rud a thógáil in ábhraíocht ruda eile .
In another connection , ag trácht (dom, etc.) ar mhalairt scéil .
Cin : To fade one scene into another , dhá radharc a mheascadh ina chéile .
He said first one thing and then another , bhí gach re scéal aige ; bhí malairt scéil gach uile phointe aige .
The years follow one another , leanann na blianta a chéile, tagann na blianta ar mhuin a chéile .
To exchange one thing for another , rud a mhalartú ar rud eile .
He will be away for another year , beidh sé as baile go ceann bliana eile .
He stayed there for another week , d'fhan sé ann go ceann seachtaine eile .
To run foul of another ship , teacht salach ar long eile .
I shall now go on to another matter , tráchtfaidh mé anois ar scéal eile .
He is good for another ten years , mairfidh sé deich mbliana eile .
They said good-bye to one another , d'fhágadar slán ag a chéile ; ghlacadar cead lena chéile .
Half one thing and half another , leath feola is leath éisc .
They are hand in glove with one another , tá siad ag obair as lámha a chéile .
To have the heels of another ship , breith ar shoitheach eile, soitheach eile a scoitheadh .
They are indistinguishable from one another , ní féidir aithint eatarthu .
A rod and another of like length , slat agus ceann eile dá fad .
Wheel rigidly locked with another , roth i ngreim docht i gceann eile .
We are at loggerheads with one another , táimid in adharca a chéile .
That's quite another matter , sin scéal eile ; sin athrach scéil .
One man's meat is another man's poison , leas Mhurchaidh agus aimhleas Mhánais .
Another of his misbegotten plans! ceann eile dá chuid seifteanna tuathalacha .
They will miss one another , crothnóidh, aireoidh, siad a chéile .
Mus : To modulate from one key (in)to another , athrú ó ghléas go gléas .
Do you see much of one another? an mbíonn sibh i gcuideachta a chéile go minic?
If another opportunity occurs , má fhaightear an dara faill (air) .
They are at odds with one another , (i) níl siad ar aon intinn ; (ii) tá siad in achrann le chéile .
To operate another part , páirt eile a oibriú .
To pass off goods as those of another , earraí a thairiscint i leith is gur le duine eile iad .
They looked at one another like stuck pigs , bhí scéin an bhainbh dhóite iontu ag breathnú ar a chéile .
He poured me out another glass , chuir sé gloine eile amach dom .
I will now proceed to another matter , rachaidh mé chun cinn go dtí cúrsa eile anois .
The colours ran into one another , sceith na dathanna .
Give it another screw , bain casadh eile as .
They follow one another like sheep , leanaid a chéile ar nós na lachan .
That's another pair of shoes , sin scéal eile .
To skip from one subject to another , léim ó scéal go scéal .