imigh i, v.i. 1. Go, leave, in. Imeacht i gcarr, to go in a car. 2. Go into. Imeacht sna saighdiúirí, san arm, to (go off to) join the army. 3. Go about in. Ag imeacht sna bratóga, ina léine, going about in rags, in his shirt. 4. Pass into state of. Tá sé ag imeacht ina ghiotaí, it is falling to bits. Tá siad ag imeacht i bhfiáin, they are running wild. D’~ an talamh i bhfiaile, the land became overgrown with weeds. D’~ sé ina réice, he became a rake.