buaigh, v.t. & i. (pres. -ann, fut. -afaidh, vn. buachan, pp. -ite).1. Win, gain. (a)Cath, cluiche, duais, a bhuachan, to win a battle, a game, a prize. Bhuamar an báire, we won the match, gained the victory. Bhuaigh siad an lá, they won the day. (b)Níor bhuaigh sé mórán air, he gained little by it. Bhuaigh tú go maith de, dá bharr, you made well out of it. Bheith buaite nó caillte le rud, to gain or lose by sth.; to take a chance on sth. 2. (With ar) Defeat, overcome. Buachan ar dhuine, ar rud, to prevail over s.o., sth. Bhuaigh an codladh orm, I was overcome with sleep. Buadh glan orainn, we were well beaten. Bhuaigh sin ar a dtáinig is a dtiocfaidh, that beats everything. 3. (With ag, le) Succeed. Bhuaigh aige, leis, an chloch a thógáil, he succeeded in lifting the stone. Bhuaigh an dlí liom, I won the lawsuit. Go mbua Dia leat, God prosper you.