fly1, s.aEnt: Cuil f, cuileog f. House fly, cuil tí. Spanish fly, blister(ing) fly, cuil Spáinneach. Horse fly, creabhar m, dochtúir m. Blow fly, carrchuil f. Black fly, cuil dhubh. (In S. Africa) The fly, an tseitse. S.a. GREEN-FLY. They died like flies, fuaireadar bás ina mílte. F: To play the fly on the wheel, cúnamh an dreoilín don fharraige; 'Nach mise a thóg an ceol! mar dúirt an chuileog i ndiaidh an chóiste. There's a fly in the ointment, is é an breac sa bhainne é. That's the fly in the ointment, sin í an fhadhb. To catch flies, fanacht béaloscailte. There are no flies on him, níl aon néal air sin; ní haon leanbh ó aréir é sin. Box: Fly-weight, cuilmheáchan m. bFish: Cuil f, bréagchuil f. To rise to the fly, (i) (of fish) an baoite a phriocadh; (ii) F: (of pers.) an baoite a shlogadh.
fly2, s.1Eitilt f. On the fly, ar eitleog, sa léim. 2Carráiste m aon chapaill. 3aCailpís f, plapa m (bríste, etc.). bLeitheadh m (brataí). 4pl.Th: The flies, na spéireoga fpl. 5Tchn: Seol m (ainimiméadair); eitreog f (buailte cloig).
fly3 .Iv.i.1a(Of bird) Eitlíonn. To catch sth. flying, breith ar rud san aer. He found the birds flown, ní raibh roimhe ach an easair fholamh. To fly high, (i) eitilt go hard; (ii) F: bheith ardaidhmeannach. F: My watch has flown, tá m'uaireadóir sciobtha, ardaithe chun siúil, ag duine éigin. bAv: Eitlíonn. To fly to Paris, eitilt go Páras. To fly over Dublin, eitilt os cionn Bhaile Átha Cliath. 2(Of flag, etc.) Tá ar foluain. 3a(Of pers.) Scinneann, sciurdann; (of time) éalaíonn ar nós na gaoithe. To fly to s.o.'s assistance, teacht gan mhoill i gcabhair ar dhuine. To fly at s.o., (i) seáp m a thabhairt faoi dhuine; (ii) leadhb den teanga a thabhairt do dhuine. To fly at s.o.'s throat, greim m scornaí a fháil ar dhuine; dul sa scornach i nduine de phreab. To fly into a rage, dul le craobhacha, le báiní. The door flew open, leath an doras de phreab. The branch flew back, léim an ghéag ar ais. b(Of cork, sparks, etc.) Léimeann, éiríonn. F: To make the money fly, gaoth f a thabhairt don airgead. To fly off the handle, (i) (of axe-head, etc.) sciorradh den chois; (ii) P: lasadh le fearg; srianta a scaoileadh. F: To send s.o. flying, duine a chur in aer, a bhaint dá bhoinn. To send a plate flying, pláta a scaoileadh tríd an aer. cIt flew in pieces, rinne smidiríní dhe; phléasc sé ina smidiríní. 4He let fly, scaoil sé (urchar). To let fly at s.o., (i) scaoileadh faoi dhuine; (ii) F: tarraingt le buille ar dhuine; (of horse) radadh chun duine; speach a thabhairt faoi dhuine; (iii) tabhairt faoi dhuine; scalladh teanga a thabhairt do dhuine. 5(=FLEE, in pres. tenses only), aTeithim. To send the enemy flying, ruaig a chur ar an namhaid. To fly from a place, teitheadh ó áit. To fly from danger, teitheadh ón gcontúirt; an baol a sheachaint. He flew for his life, theith sé lena anam. bv.tr.To fly the country, teitheadh as an tír, ligean leat féin as an tír. II►fly, v.tr.1Nau: To fly a flag, bratach f a chur in airde, a chur ar foluain. 2Ven: Cuirim (seabhac, etc.) ar eitleog. 3To fly a kite, eitleog a chur sa spéir. 4Av: aPíolótaím (aerárthach). To fly s.o. to Paris, duine a thabhairt in eitleán go Páras, bTo fly the Atlantic, an tAtlantach a thrasnú ar an aer.