labour1, s.1aSaothar m, obair f, dua m, callshaoth m. Material and labour, ábhar agus saothar. bJur: Hard labour, daorobair f. 2Ind: Foireann f oibre; lucht m oibre, oibrithe mpl. Manual labour, oibrithe láimhe. Skilled labour, ceardaithe mpl, lucht m ceirde; oibrithe mpl oilte. Capital and labour, maoin f agus saothar m. Labour troubles, achrann m lucht oibre. The demands of labour, éileamh m lucht oibre. The Labour party, (páirtí) an Lucht Oibre. 3The twelve labours of Hercules, dhá shaothar déag Earcail. Labour of love, (i) saothar gan chúiteamh; (ii) saothar a bhfaightear taitneamh ann. 4Med: Luí m seoil, seoladh m. s.pl.Íona. Woman in labour, bean seoil; bean i dtinneas clainne.
labour2 .1v.i.aOibrím, saothraím, déanaim sclábhaíocht. To labour for sth., dua a fháil ag saothrú, ag gnóthú, ruda. To labour at, over, sth., bheith ag gabháil de rud; dua ruda a fháil. bTo labour along, treabhadh chun cinn go maslach duaisiúil. He was labouring along, bhí sé ag sraonadh leis, ag sracadh leis. To labour up a hill, barr cnoic a bhaint amach le dua. cHe is labouring under the burden, tá sé ag cneadach, cromtha, faoin ualach. He labours under a sense of wrong, dar leis tá éagóir á déanamh i gcónaí air. He labours under a delusion, tá rudaí á samhlú dhó; tá mealladh intinne air. d(Of engine) Tá ag teip; tá snag, stad, i. (Of ship) Tá ag bualadh léi, ag treabhadh roimpi, go maslach; tá ag fáil dochar na farraige. (Of car) To labour uphill, dul i gcoinne an aird le dua. 2v.tr.Saothraím (leabhar, dán, etc.); caithim dua le, ar (obair). I will not labour the matter, ní luífead róthrom ar an scéal; ní thabharfad chun seanbhróga an scéal.