Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: mistaken · misdate · miste · stake · aiste
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh mistake »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
mistake1, s. Dearmad m, earráid f, meancóg f. Mistake in calculating, mearbhall m cuntais. Grammatical mistakes, earráidí gramadaí. To make a mistake, botún m, dearmad, a dhéanamh. You made me make a mistake, chuir tú ar seachrán mé. He made the mistake of going there, is é an dearmad a rinne sé dul ann. To do sth. by mistake, rud a dhéanamh de dhearmad. To labour under a mistake, bheith cearr; bheith ag dul amú. There is some mistake, tá lúb ar lár in áit éigin. There is no mistake about it, níl amhras ar bith faoi. Let there be no mistake about it; make no mistake about it, ná bíodh aon amhras faoi. I am unlucky and no mistake, tá an mí-ádh ag siúl liom gan bhréag gan amhras. To take s.o.'s pen in mistake for one's own, peann duine eile a thógáil i ndearmad in ionad do phinn féin.
mistake2, v.tr. 1 Tá dearmad orm faoi; baineann dearmad liom faoi; bainim ciall chontráilte as (caint). He mistook his way, bhain seachrán slí dó. If I mistake not, mura bhfuil dul amú orm. There is no mistaking the facts, níl aon amhras faoin gcuma a bhfuil rudaí. 2 Tógaim (rud, duine) ar son, in ainriocht, in amhlachas (ruda eile, duine eile).
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Bad mistake, dearmad mór.
One mistake balanced another, chomhcheartaigh na dearmaid a chéile.
Careless mistake, dearmad de bharr siléige.
That is just where the mistake comes in, sin é an áit díreach a bhfuil an dearmad.
That would be the crowning mistake for him, chuirfeadh sin barr ar gach meancóg dá ndearna sé riamh.
The mistake escaped detection, níor tugadh an dearmad faoi deara.
You are entirely mistaken, dearmad ar fad atá ort.
He was mistaken to some slight extent, bhí ábhar beag de dhearmad air.
A fatal mistake, dearmad millteach.
For fear of mistakes, of making a mistake, ar fhaitíos an dearmaid, leisce an dearmaid.
A mistake in the figures, dearmad san áireamh.
I find that I was mistaken, aithním go raibh dearmad orm.
He made a grave mistake, rinne sé dearmad mór.
Gross mistake, botún caillte.
F: Howling mistake, earráid uafásach.
Mistaken identity, iomrall m aithne.
Let there be no mistake about it!, ná bíodh aon phioc dá mhearbhall ar éinne!
That mistake lost him the match, his job, chaill sé an cluiche, a phost, de bharr an dearmaid sin.
To make a mistake, dearmad m a dhéanamh.
To be mistaken, bheith ag dul amú.
He was mistaken about it, mheath a bharúil air; bhí dearmad air mar gheall air.
If I am not mistaken, mura bhfuil dul amú orm.
That is just where you are mistaken, sin go díreach an áit a bhfuil tú meallta.
Mistaken opinion, barúil f éigeart, iomrallach.
Mistaken zeal, dúthracht gan dearcadh.
Mistaken identity, iomrall m aithne.
Mistaken statement, (i) ráiteas m nár tuigeadh; (ii) ráiteas earráideach. mistakenly, adv. In earráid, de dhearmad, as dearmad.
I must have made a mistake, ní foláir nó gur dul amú a bhí orm.
No, no, you are mistaken, ní hamhlaidh ar chor ar bith, ní hea in aon chor, tá tú san earráid.
To own to a mistake, earráid a admháil.
It was a mistake on the part of the messenger, ba dearmad ag an teachtaire é.
Peradventure he is mistaken, b'fhéidir go bhfuil dearmad air.
To pounce on a mistake, botún a aimsiú ar an toirt
'This was a great mistake,' he resumed, 'ba mhór an dearmad é seo,' ar seisean, ag labhairt dó arís.
Mistake that could be put right, dearmad m inleigheasta.
A sad mistake, earráid thubaisteach.
You are sadly mistaken, tá tú go mór ar seachrán.
Serious mistake, earráid mhór, drochbhotún m.
There you are mistaken, tá dearmad ort sa mhéid sin.
Therein you are mistaken, tá dul amú ort ar an bpointe sin.
That is where you are mistaken, ansin atá tú meallta.
He will have it that I was mistaken, ní ghéillfidh sé ach go raibh dearmad orm.
His worst mistake, an dearmad is measa aige.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht