TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
equal1, 1 a. a Comhionann, ionann, cothrom(to le). They are of equal size, height, length, etc. tá siad ar chóimhéid, ar chomhairde, ar chomhfhad, etc. They fought on equal terms, b’ionann deis dóibh agus iad ag troid le chéile. To be on equal terms with s.o., bheith ar chomhchéim le duine. All things being equal, agus gach ní eile mar a chéile. Sp: Equal in points, cothrom (sna pointí). P: To get equal with s.o., cúiteamh a bhaint de dhuine. b He was equal to the task, bhí sé in ann chuig an obair. I don't feel equal to doing it, is trom liom é a dhéanamh. 2 s. Cothrom m, comhionann m. Your equals, do mhacasamhail féin eile. You will not find his equal, ní bhfaighidh tú a chómhaith de dhuine. He treated me as an equal, bhí sé liom mar a bheadh sé lena chomhleacaí féin. ► equally, adv. Go cothrom. Equally bad, chomh dona céanna.
equal2, v.tr. Tá cothrom le, comhionann le, ar chomhchéim le. It is not to be equalled, níl aon ríochan leis.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
London alone has a population equal to . . ., ach amháin Londain níl an dara baile a bhfuil oiread daoine ann is atá i . . .
Geom: Assume A equal to B, (i) beir leat gurb ionann A agus B; (ii) cuir i gcás gurb ionann A agus B.
Triangles equal each to each, triantáin (atá) cothrom le chéile.
To be on an equal footing (with. . .), bheith ar comhchéim, bonn ar aon (le...).
Given equal numbers we should win, ach sinn a bheith ar chomhlíon ba cheart an bua a bheith againn.
I asked for an equal number, d'iarr mé an oiread céanna arís.
Other things being equal, agus gach ní eile mar a chéile.
To divide expenses in equal proportions, costas m a roinnt ina chodanna cothroma.
In equal shares, ina chodanna cothroma; ina chomhchodanna.
Universal and equal suffrage, vótáil chomhchoiteann chomhionann.
Let us suppose the two things equal, abair, cuir i gcás, go bhfuil an dá rud cothrom.
Equal, even, temperament, comhréiteacht f.