ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To adjourn sth. to, till, the next day, for a week, rud a chur siar go dtí an chéad lá eile, go ceann seachtaine.
Cleanliness is next to godliness, is den ghlóire an ghlaineacht.
To be concluded in our next, le críochnú sa chéad eagrán eile.
To inform the next of kin, scéal a chur chuig an muintir.
The next room to us, an seomra is gaire dhúinn
Her room is next to mine, tá a seomrasa taobh le mo cheannsa.
The field next to mine, an pháirc atá sínte le mo pháircse.
Seated next to me, ina shuí (suí) ag mo thaobh, le m'ais.
To be continued in our next, tuilleadh san uimhir seo chugainn.
The next best thing would be to . . ., ba é an chéad rud eile ab fhearr . . .
F: I got it for next to nothing, fuaireas ar ardaigh orm, ar leath-threascairt, é.
There was next to no evidence, ar éigean a bhí fianaise ar bith ann.
There was next to nobody at the meeting, ní mó ná go raibh, is ar éigean a bhí, aon duine ag an gcruinniú.
Flattery is next-door to lying, deartháir don bhréag an béal bán.
Ideas next-door to madness, smaointe atá ag bordáil ar mhearadh.
Next to one's skin, le cneas.
The next world, the world to come, an saol atá le teacht.