world, s.1aSaol m. In this world, ar an saol seo. The other world, an saol eile. The next world, the world to come, an saol atá le teacht. He is not long for this world, ní bheidh sé saolach. To go to a better world, dul ar slí na fírinne. World without end, (le) saol na saol. bShe is alone in the world, tá sí léi féin ar an saol. Nothing in the world, rud ar bith; rud ar domhan. What in the world is the matter with you?cad é faoin spéir, faoi luí na gréine, atá cearr leat?I did not know what in the world to do, ní raibh a fhios agam faoin spéir cad a dhéanfainn. I would not do it for (all) the world, ní dhéanfainn é ar a bhfaca mé riamh, ar ór an tsaoil. He was for all the world like his father, ba é a athair ar athbhreith é. I would give the world to know, thabharfainn a bhfuil agam sa saol ach a fhios a bheith agam. 2(Earth) Domhan m. To go round the world, cuairt an domhain a thabhairt. He has seen the world, tá an domhan siúlta aige. F: To knock about the world, imeacht ar fud an domhain. Map of the world, léarscáil f an domhain. All the world over, ar fud an domhain mhóir. How small the world is!castar na daoine ar a chéile (ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte). World congress, comhdháil dhomhanda. 3(Human affairs) It's the way of the world, sin an saol agat. Man of the world, fear a thuigeas an saol. He has gone down in the world, chonacthas an t-am a raibh sé ina shá den saol. He has the world before him, tá sé i dtús a reatha. What will the world say?cad a déarfas na daoine?The whole world, gach duine, an saol ar fad. The whole world was there, bhí an domhan is a mháthair ann. 4aThe theatrical world, saol na hamharclainne. The sporting world, lucht m rásaí, lúthchleas. bThe animal world, cineál m na n-ainmhithe. 5F: A world of money, na stórtha mpl airgid; airgead na hairí. He gave himself a world of trouble, chuir sé an-dua den saol air féin. He thinks the world of you, tá meas an domhain aige ort.