Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: air · maig · mairc · mairg · mar
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é mair de: ar »
TORTHAÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
mair, v.t. & i. (vn. ~eachtáil, pp. martha).Live, last. 1. (a)Nuair a mhair m’athair, when my father was alive. Ba ghearr a mhair sé, his life was short. Tráth a mhair sé, in his day. An fear nach ~eann, the deceased man. Ní mhaireann Fionn, Fionn is no more. Má mhairim an céad, should I live to be a hundred. Go ~e tú (i bhfad)! Long life to you! Congratulations! S.a. capall 1. (b)Mhair an cogadh bliain, the war lasted a year. Má mhaireann an aimsir seo, if this weather holds. Gnás a mhaireann go fóill, a custom that still survives. Ní mhaireann ach blúire de, only a fragment of it remains. Éadach nach ~eann, cloth that will not last. Mhair sé ag caint air ar feadh na hoíche, he kept on talking about it all night. Mhair cuimhne agam air, it remained in my memory. S.a. fóin1. (c)An áit a ~eann siad, where they live, abide. Ní mhaireann siad ach san fharraige, they live only in the sea. (d)Mhair sé ar an iascaireacht, he lived by fishing. Mhairfeadh sé ag iascach, he would ask for nothing better than to keep on fishing. Mhair siad fada go leor ar na prátaí, they lived for a long time on potatoes. 2. (Congratulatory) Go ~e tú (is go gcaithe tú) é, may you live to enjoy (and wear) it. Go ~e sibh bhur saol nua, may you enjoy your new life; congratulations on your marriage. Go ~e tú an lá, many happy returns of the day. Mhair sé an carr nua dom, he wished me luck with the new car. Níor mhair tú mo nuacht dom, you didn’t congratulate me on my new acquisition. Go ~e tú do shláinte, (in reply to congratulatory expression) may you enjoy good health.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
ABAIRTÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Ag maireachtáil ar an ~, living on one’s savings.
Go maire tú is go gcaithe tú é, may you live to wear it.
Mair, a chapaill, agus gheobhaidh tú féar, live horse and you will get grass.
Go maire tú (an) ~, may you live to be a hundred.
Go maire tú é, may you live to enjoy it.
Go ~ maire tú é, heartiest congratulations on it.
Go maire tú do ~, may you enjoy your new acquisition.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht