EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
every , a . a Gach, gach aon . Every day , gach lá, gach aon lá . Your every wish , gach is toil leat . Every other day, every second day , gach re lá . Every other Sunday , gach dara Domhnach . Every three days , gach trí lá . He is getting better every day , tá sé ag dul i bhfeabhas in aghaidh an lae . S.a. NOW I. 1. Every few minutes , gach cúpla nóiméad ; gach re nóiméad . I expect him every minute , táim ag súil leis aon nóiméad, gach nóiméad . b (Intensive) He was every inch a king , rí ó thalamh, ó bhonn go baithis, ab ea é . I have every reason to believe that . . ., tá cúis mhaith agam a chreidiúint go . . . Every bit as good as . . ., gach aon phioc, gach uile mhíle orlach, chomh maith le ... c Every one , gach (aon) duine, gach uile dhuine . Every one of us , gach aon duine againn ; gach uile dhuine againn . Cf. EVERYONE. Every man for himself , gach aon duine ar a shon féin . F : Every man Jack of them , gach mac máthar acu .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
On every account , ar gach slí, bealach .
Every afternoon , gach uile thráthnóna .
He used every art , níor fhág sé aon chleas gan féachaint .
Every aspect of the subject , gach gné den scéal .
The doctor was in attendance on him every day , bhí an dochtúir ag teacht chuige gach uile lá .
They gave him every attention , chuir siad gach cóir air .
He tried every available means , d'fhéach sé gach slí dá raibh aige .
He bathes every morning , téann sé ag snámh gach aon mhaidin .
I have been into every shop in the street , tá gach uile shiopa sa tsráid siúlta agam .
Every bullet has its billet , níl dul i bhfolach ar an mbás .
Every blessed day , gach lá san aer .
Every tub must stand on its own bottom , caithfidh duine seasamh ar a chosa féin .
The train calls at every station , seasann an traein ag gach stáisiún .
I took every step that I possibly could , rinne mé mo sheacht míle dícheall, gach ar fhéad mé .
Every cloud has a silver lining , ní bhíonn néal gan ghealán .
To clutch at every straw , gach uile dheis a thapú .
He comes this way every week , tagann sé thart an bealach seo gach uile sheachtain .
(At hotel, etc.) Every modern comfort , gach deis nua-aoiseach chun compoirde .
I have every confidence that he will succeed , rachad i mbannaí go n-éireoidh leis .
Every minute counts , níl nóiméad le cailleadh .
Every penny counts , is mór an rud é an phingin .
Every man to his craft , ord don ghabha agus corrán don bhuanaí .
F : The cynosure of every eye , cuid súl cách ; scáthán m gach súile .
Every other day, day about , gach re lá .
Every day in his life , gach lá dá n-éiríonn (dár éirigh) air .
He wears a different suit every day , bíonn athrach culaithe air gach lá .
In every direction , i ngach treo .
From every direction , as gach aird, as gach ceann .
Every dog has its day , faigheann gach duine a sheal .
To use, make, every endeavour to . . ., gach dícheall a dhéanamh chun . . .
Every Monday evening , gach tráthnóna Luain .
Every indication favoured rain , bhí gach comhartha ag tuar báistí .
Every few days , gach aon chúpla lá .
To fill every requirement , freastal ar gach riachtanas .
He has a finger in every pie , tá a ladhar i ngach aon ghnó aige .
He comes on Fridays, every Friday , tagann sé Dé hAoine, gach Aoine .
To get round to every boy in the class , teacht fad le gach aon bhuachaill sa rang .
I will give the matter every care , tabharfad togha na haire don ghnó .
On every hand, on all hands , ar gach taobh .
I know every inch of the neighbourhood , tá gach poll is prochóg sa cheantar ar eolas agam .
There is every indication that ..., de réir gach cosúlachta . . .
To bring every influence to bear , gach uile chumhacht a chur ag obair .
I expect him every instant , tá mé ag súil gach aon nóiméad leis .
Every man to his job , gach duine lena cheird féin .
Every little helps , bailíonn brobh beart ; is mór iad na beaganna i dteannta a chéile .
Every man , gach duine m , gach aon duine m .
I expect him every minute, any minute , tá mé ag súil leis nóiméad ar bith feasta .
I expect him every moment , tá mé ag súil gach aon nóiméad leis .
He was interrupting me at every moment , bhí sé ag gabháil romham ar gach dara focal .
Every Monday morning , gach maidin Luain .