foot1, s.1aTroigh f, cos f. One of two feet, leath-throigh, leathchos. A broad, flat foot, spág f. To get under s.o.'s feet, dul faoi na cosa ar dhuine. From head to foot, ó sháil go rinn. To put one's best foot forward, (i) géarú sa siúl; géarú ar an gcoisíocht; (ii) do dhícheall a dhéanamh. To sit at s.o.'s feet, (i) suí ag cosa duine; (ii) bheith mar dheisceabal ag duine. To set foot on an island, dul i dtír, cos a leagan, ar oileán. To knock s.o. off his feet, duine a chur, a bhaint, dá bhoinn. To carry s.o. off his feet, duine a chur thar bharr a chéille (le háthas, le líonrith). He kept his feet, (i) d'fhan sé ina sheasamh, choimeád sé a sheasamh; (ii) F: choimeád sé a ghreim; sheas sé an fód. He rose to his feet (again), d'éirigh sé ar a bhoinn arís. He is on his feet, tá sé ina sheasamh. He is on his feet again, tá sé ar a chois arís. To set s.o. on his feet, (i) duine a chur ar a chosa, ar a bhoinn; (ii) duine a fhódú, a bhunú (i ngnó). He has found his feet, tá sé bunaithe ann; tá sé chun fiaigh, chun reatha. He is beginning to feel his feet, tá sé ag fáil aithne air féin. To put one's foot down against, upon, sth., cos a chur in aghaidh (scéime); cos a bhualadh i dteannta ar (dhrochbhéas). He put his foot down, thug sé le fios gurb é féin an máistir. He got his foot in, fuair sé áit a chos ann. He put his foot in it, rinne sé a bhotún, a mhíthapa. He had, got, cold feet, theip an misneach air. bCéim f, coiscéim f. He has a light, a heavy, foot, tá coiscéim éadrom, trom, aige; tá sé éadrom, trom, ar a chois. Swift of foot, luathchosach. cAdv.phr.On foot. (i) De chois, de shiúl cos. (ii) (Duine) ina sheasamh, ar a chois. To buy cattle on foot, stoc a cheannach ar a gcosa. (iii) Ar siúl, ar bun. To set a business on foot, gnó a chur ar bun, ar siúl. Under foot, underfoot, faoi chois, faoi chosa. To trample, tread, sth. under foot, satailt ar rud; rud a phasáil faoi chois; gabhail de chosa i rud. 2Crúb f (beithígh, éin); lapa m (madra, cait). Equit: The fore feet, na cosa tosaigh. 3Coll: Mil: Coisithe mpl. Foot and horse, na coisithe agus an marcshlua. Twenty thousand foot, fiche míle coisí. Twenty thousand horse and foot, fiche míle idir chois agus mharcshlua. 4aTroigh f (stoca). bBun m (boird, leapa, leathanaigh, locha, cnoic). At the foot of the page, ag bun an leathanaigh. At the foot of the list, of the class, ag bun an liosta, an ranga. 5aPros: Troigh f. bMeas: Troigh f.
foot2, v.tr.1aRincim (cor), bF: To foot it, (i) greas rince, cúrsa damhsa, a dhéanamh; (ii) dul de chois. 2To foot a stocking, troigh a chur faoi stoca. 3To foot turf, móin a ghróigeadh, a chnuchairt. 4To foot the bill, an scór a ghlanadh.