Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: give · giver · gin · gine · give in
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é given de: give »
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh given »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
given, a. 1 At a given time, ag a leithéid seo d’am. At a given point, ag ionad áirithe. 2 Tugtha do, claonta chun. Given to drink, tugtha don ól. I am not given that way, ní duine den chineál sin mé; ní bhíonn aon dúil agam ina leithéid.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To be given over to evil courses, bheith imithe le drabhlás.
He was given exemption from the examination, maitheadh an scrúdú dó.
They had given up expecting me, bhí a súil curtha díom acu.
The account was given in full in the paper, tugadh an cuntas ar a fhad agus ar a leithead sa pháipéar.
It was given to me, tugadh dom (mar bhronntanas) é, bronnadh orm é.
Given a leader they will act, ach ceann a bheith orthu déanfaidh siad rud éigin.
It is not given to all to be rich, ní dlitear do chách a bheith saibhir.
Given any two points, nuair is eol aon dá phointe.
Motion given by the handle, gluaiseacht a chuireann an lámh ar siúl.
The rope has given a good deal, tá an téad ligthe mórán,
Com: Given in, (tugtha) mar bhreis, mar thuilleadh.
He was given over to evil courses, bhí sé imithe, ligthe, leis an olc ar fad.
Tickets to be given up at the gate, tabhair uait do thicéad ag an ngeata.
He has given up that habit, tá an nós san caite faoi thóin cártaí aige.
He has given up drink, tá droim, cúl, láimhe tugtha leis an ól aige.
I had given him up (for lost), is fada a bhí mo shúil bainte agam de, a bhí deireadh dúile tugtha agam leis.
I have given it to him, thug mé dó é.
I haven't given up hope of it, níl deireadh dúile bainte de agam.
(Even) if I were given a hundred pounds, I would not do it, dá dtabharfaí céad punt féin dom ní dhéanfainn é.
He would have given a lot to..., thabharfadh sé a chuid den saol ach... adv.
Without notice (given) he sold the house, dhíol sé an teach gan fógra a thabhairt.
Notice is hereby given that . . ., seo fógra don phobal go . . .
Given equal numbers we should win, ach sinn a bheith ar chomhlíon ba cheart an bua a bheith againn.
I am not given to praise, ní duine moltach mé; is duine righin faoi mholadh mé.
Pen given in return for a pencil, peann a tugadh ar pheann luaidhe, mar mhalairt ar pheann luaidhe.
The play has been given a good send-off, fáiltíodh go mór roimh an (gcéad léiriú den) dráma.
At a given time, ag uair áirithe.
He gave it to John, to which person I had already given money, thug sé do Sheán é, fear ar thugas féin airgead dó roimhe sin.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht