EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
go with , v .i . 1 a Téim le, le cois, fara, i dteannta (duine) . b Salary that goes with an office , tuarastal a ghabhann le hoifig . c To go with the times , coimeád gob ar ghob leis an aimsir ; géilleadh do nós na haimsire . 2 Réitíonn le (rud) ; (of colours) tagann le, oireann do .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Nothing would do but I must go home with him , ní raibh aon mhaith aige ann go dtéinn abhaile leis .
She went away with her head down , d'imigh sí agus a ceann fúithi .
Go easy with the butter , tarraing go caol ar an im .
He went for them with his fists , ghabh sé de dhoirne orthu .
If all goes well with us , faoina bheith slán dúinn ; ach sinn a bheith slán .
Go along with you! (i) bailigh leat (uaim)! (ii) cuir uait (an magadh)! huga leat!
He went away with the money , scuab sé leis leis an airgead ; d'ardaigh sé an t-airgead chun siúil .
That won't go down with me , ní ghlacfaidh mise lena leithéid sin ; ní mheallfar mise leis an saghas san .
To go in with s.o. in an undertaking , dul i bpáirtíocht le duine i ngnó .
To go off with sth ., rud a scuabadh, a ardú, chun siúil .
I've got enough to go on with , tá an oiread agam agus a dhéanfaidh mo ghnó an turas seo .
To go over a drawing with ink , dul siar ar líníocht le dúch .
He went through with it , thug sé chun críche é ; chuaigh sé go bun an angair leis .
We've got to go through with it , níl dul as againn ach leanúint go deireadh na scríbe .
I will go with the greatest of pleasure , rachad agus fáilte .
Here stock-raising goes hand in hand with agriculture , bíonn tógáil beithíoch agus an churadóireacht ar siúl in éineacht anseo .
It will go hard with him , rachaidh sé rite leis .
It went ill with them , is olc a chuaigh sé dóibh .
I went there with the intention of staying , chuaigh mé ann agus rún agam fanacht .
To go to law with s.o., to have the law of s.o ., an dlí a chur ar dhuine .
He went out with the ostensible object of . . . chuaigh sé amach mar dhea go, i leith agus go . . .
To go pari passu with , dul céim ar chéim le, bonn ar aon le .
Com : To enter, go, into partnership with s.o ., dul i gcomhar, i bpáirtíocht, le duine .
Nothing goes right with me , níl rud ar bith ag éirí liom .
I was seized with a desire to go home , bhuail fonn láidir chun dul abhaile mé .
To go half shares with s.o ., dul leath má leath le duine .
To go slow with one's provisions , an bia a choigilt ; tarraingt caol ar an mbia .
I went with him, so as not to displease him , chuas in éineacht leis, leisce míshásamh a chur air .
He went on playing with spirit , d'imir sé leis go spionnúil .
Song that goes with a swing , amhrán a bhfuil gluaiseacht chroíúil leis .
They went on strike in sympathy with their fellows , chuadar ar stailc ag taobhú lena gcomhleacaithe .
To go and have a talk with s.o ., dul chun cainte le duine .
To go with the tide , imeacht le sruth, san fheacht .
That was touch and go (with us) , dóbair dúinn ; ní raibh ann ach gur threabhaigh sinn .
He went there with a view to finding out the truth , d'iarraidh na fírinne a chuaigh sé ann .
And down he went with a wallop! , agus thit sé ina phleist .
It is gone with the wind , tá sé imithe le haer an tsaoil .
With these words he went away , nuair a dúirt sé sin, d'imigh sé .
Something went wrong with the lock , tháinig ainghléas éigin ar an nglas .
Away with you! get you gone! gread leat! greadaigí libh .