happen, v.i.1aTarlaíonn, titeann amach. An accident happened, tharla timpiste. Don't let it happen again, ná tarlaíodh sé arís; ná bíodh sin amhlaidh níos mó. Just as if nothing had happened, go díreach mar nach mbeadh a dhath riamh de. Whatever happens, is cuma cad a thiocfas. How does it happen that you are here?cad é a chas anseo thú?It so happened that . . ., cad é tharla ach go ... As it happens, mar atá an scéal. It could happen, tharlódh sé, thiocfadh dó. bWhat has happened to him?céard a bhain, a tharla, a d'éirigh dó?céard a d'imigh air?If anything happened to you, dá n-éireodh tubaiste ar bith dhuit; dá gcaillfí thú. Something has happened to him, bhain tubaiste éigin dó. 2To happen to do sth., rud a dhéanamh de thaisme. A man happened to be passing, d'éirigh d'fhear a bheith ag dul an bealach. The house happened to be empty, tharla go raibh an teach folamh. Do you happen to know...?b'fhéidir, bhfuil aon tseans, go mbeadh a fhios agat...?If I do happen to forget, más amhlaidh a ligim as mo chuimhne é. If I happen to be there, má chastar ann mé; má tharlaíonn ann mé; má tharlaíonn dom a bheith ann. If it so happens that . . ., más rud é go . . ., má tá i ndán go . . . 3To happen upon sth., teacht ar rud, rud a fháil de thaisme. Where did you happen on it?cár éirigh sé leat?