PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
All the others, an chuid, an mhuintir, eile ar fad.
He is amongst those who say . . ., tá sé ar dhuine den mhuintir a deir ...
Those to whom you owe your being, an mhuintir ónar tháinig tú.
Show respect to your betters, tabhair urraim don mhuintir atá os do chionn.
He was cast off by his family, thug a mhuintir an bóthar dó.
The family circle, an mhuintir, an chlann.
He brought disgrace on his family, náirigh sé a mhuintir.
He is a disgrace to his family, cúis náire dá mhuintir é.
To bring dishonour on the family, náire a thabhairt don mhuintir.
I gave him a shilling as the others had done, thug mise scilling dó, mar a thug an mhuintir eile.
The whole town was in a state of ferment, bhí coipeadh ar mhuintir an bhaile go léir.
His own flesh and blood, a ghaolta fola féin, a mhuintir féin.
Our forbears, an mhuintir a chuaigh romhainn.
The house was so named from the family, baisteadh amhlaidh an teach don mhuintir.
At Christmas there was a family gathering in the old house, faoi Nollaig bhí an mhuintir go léir bailithe sa seanteach.
Good men and true, dea-mhuintir dhílis; fir fhónta chóra.
My family is as good as his, tá mo mhuintirse chomh maith lena mhuintir siúd.
Some of his people, cuid dá mhuintir.
I have no liking for him or his, níl aon chion agam air féin ná ar a mhuintir.
Those who are in the know, an mhuintir atá eolach; lucht an eolais.
Those who menace war, an mhuintir a bhagraíonn cogadh.
To me and mine, domsa agus do mo mhuintir.
Those who have answered most accurately, an mhuintir is beaichte a thug freagra.
Those near and dear to him, a mhuintir mhuirneach féin; iad sin is neasa dhó.
Our people, an mhuintir seo againne.
To sell the pass, fealladh ar do mhuintir.
My people are abroad, tá mo mhuintir thar lear.
How are all your people? cén chaoi bhfuil do mhuintir? cad é an rath atá ar do bhunadh?
Posterity will be grateful to him, beidh an mhuintir a thiocfas ina dhiaidh buíoch dó.
To quarter the troops on the inhabitants, na trúpaí a chur ar buannacht ar mhuintir na háite.
He comes of a long race of seafaring men, mairnéalaigh a bhí ina mhuintir ariamh anall.
The resident population, líon mhuintir f na háite.
It runs in the family, in the blood, tá sé sa mhuintir, san fhuil.
F: The submerged tenth, an mhuintir gan aird.
To put the inhabitants to (the edge of) the sword, bás le faobhar a thabhairt do mhuintir na háite.
Those of whom I speak, an mhuintir atá mé a rá.
Those people who take an interest in these things, an mhuintir, na daoine sin, a chuireas spéis sna rudaí seo.
They who . . ., na daoine a . . ., an dream, an mhuintir, a ...
To thee and thine, duitse agus do do mhuintir, do do shliocht.
Those who willed the war, an mhuintir a bhí ag iarraidh an chogaidh.
Your people, an mhuintir seo agaibhse.
I am fond of you and yours, tá cion agam ortsa agus ar do mhuintir.