codladh, m. (gs. -ata).1. vn. of codail. 2. Sleep. Bheith i do chodladh, to be asleep. ~ a bheith ort, to be sleepy. Tháinig ~ air, he got sleepy. Thit a chodladh air, thit sé ina chodladh, he fell asleep. Chuir sé ~ orm, it made me sleepy. Bhí mé marbh leis an g~, I was dying with sleep. ~ a dhéanamh, to (get a) sleep. Oíche chodlata, a night’s sleep. Oíche gan chodladh, a sleepless night. Tá mé ó chodladh na hoíche aige, I can’t sleep at night on account of it. Ná cuireadh sé ó chodladh na hoíche thú, don’t lose your night’s sleep over it. Gan ~ lae ná oíche a dhéanamh (go), never to rest or sleep (until). Tá sé thar a chodladh, he is past his sleep. Ag caint trína chodladh, talking in his sleep. Tá sé idir a chodladh is a dhúiseacht, he is half asleep. Duine a mhúscailt as a chodladh, to rouse s.o. from sleep. Bhí sé leis as a chodladh, (of fever, etc.) he contracted it in his sleep. As do chodladh go dtuga tú do shláinte, may your sleep be a healthy sleep. Bheith i do chodladh ar do ghnó, to be unaware of what concerns you. ~ na súl oscailte, day-dreaming. ~ sámh, corrach, sound, broken, sleep. ~ beag, nap. ~ mór, great, long, sleep; sleepy-head. ~ go headra, late morning sleep. S.a. eadra 3. ~ gé, giorria, very light sleep. ~ an tsicín (sa bharrach), an traonaigh, na Caillí Béarra, protracted sleep. ~ an bháis, death stupor, coma. Áit chodlata, a place to sleep, sleeping accommodation. Seomra codlata, bedroom. Slán codlata a fhágáil ag duine, to bid s.o. good night. S.a. cnap13, lus, néal 4, srann11. 3. (Used in reference to numbness) Tá mo chos ina ~, my foot is asleep. ~ driúraic, gliúragáin, grifín, pins and needles. 4. (In reference to something dormant or deeply-embedded) Fág ina chodladh é, (of matter in dispute, rumour, etc.) let it rest. Tá an aicíd ina ~, the disease is quiescent. (Of boat, ship) Bhí an bás ina chodladh ina clár, death was lurking in her timbers. An uile thairne ina chodladh, every nail driven home.