TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
custom , s . 1 Nós m , gnás m , béas m -a ; cleachtadh m . The manners and customs (of a country) , béasa agus bealaí (tíre) . 2 Jur : Gnáthamh m , nós m (dlíthiúil) . 3 pl .Adm : Custam m . Customs station , stáisiún m custaim . Custom(s) duties , dleachtanna fpl custaim . 4 Com : (Of shop) Trácht m -a , custaiméireacht f ; (of customer) custaiméireacht f . The shop draws plenty of custom , tá an-tarraingt, glaoch go leor, ar an siopa sin . S.a. LOSS 1.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The accepted custom , an nós a nglactar leis, an nós aitheanta .
Admitted custom , gnás coitianta .
It is authorized by custom , tá glactha leis de réir gnáis .
Customs barrier , claí custaim .
Custom consecrated by time , gnás m seanbhunaithe .
He came, contrary to his usual custom , tháinig sé, rud nár ghnáth leis ; tháinig sé, murab ionann agus riamh .
Customs declaration , dearbhú custaim .
Custom that has fallen into desuetude , nós atá ligthe i léig .
That custom is disappearing , tá an nós sin ag dul i léig .
Custom handed down , nós a tháinig anuas (chugainn, etc.) .
Customs duty , dleacht custaim .
The custom will go down to posterity , beidh an nós ag ár sliocht .
The goods were held up at the custom house , baineadh moill as na hearraí ag an gcustam .
Com : Loss of custom , imeacht custaim .
Native customs, dress , gnás, éadach, na tíre .
Old-established custom , gnás atá ann le fada an lá .
F : It has the sanction of custom , tá sé ceadaithe ó ghnás .
Sin against custom , col gnáis .
To sin against custom , gnás a choilleadh .
Standing custom , seanghnás m .
Custom that still subsists , gnás a mhaireas go fóill, atá beo go fóill .
To be unfamiliar with the customs , gan taithí, cleachtadh, a bheith agat ar na gnásanna ; bheith dall ar na gnásanna .
Ways and customs , nósanna agus gnásanna .