old, a.1a(Aged) Aosta, sean. My old friend, mo sheanchara. To be growing old, bheith ag dul in aois, anonn i mblianta. An old man, seanduine. F: He is as old as Methuselah, tá aois chapall na gcomharsan aige; tá sé chomh sean leis an gceo. An old woman, seanbhean f; F: cailleach f. Old Peter, sean-Pheadar. Old folk(s), seandaoine mpl. Old wives' tale, comhrá m cailleach. Old and young, óg agus aosta; ó liath go leanbh. Old age, an aois. In his old age, in earr a aoise. He died at a good old age, fuair sé aois mhaith. If he lives to be old, má fhaigheann sé aois; má haostar dó. When he grows older, nuair a thiocfas tuilleadh dá aois. bOld clothes, seanéadach m. Old bread, arán m stálaithe. Old wine, seanfhíon m -a. 2(S.a. elder1 1, ELDEST). How old are you?cén aois thú?He was five years old, bhí sé cúig bliana d'aois. He is older than I, is sine é ná mise. He is a year older than I, tá bliain aige orm. A two-year-old (child), páiste dhá bhliain. She is old enough to marry, tá aois a pósta aici. 3a(Long-established) Sean, ársa. That's an old dodge, sin seanchleas. That's as old as the hills, tá sin ann ó aimsir na díleann. bOld hand, duine a bhfuil seanlámh ar a cheird aige. Nau: etc: Seanmhadra m, seanlámh f. He is an old hand at it, tá seanchleachtadh aige air. He is old in sin, tá sé calctha sna peacaí. 4a(Former) Sean-, ath-. Old pupil, athscoláire m, seanscoláire m. Old custom, seanghnás m. In the old days, sa seanreacht. bThe Old World, (i) an Sean-Domhan m; (ii) an seansaol m. The old country, mo (do, etc.) thír dhúchais. The Old Testament, an Sean-Tiomna m. 5F: aAny old thing, rud ar bith. Take any old hat, tarraing ort aon hata in aon chor. bOld man, old chap, a dhuine chóir, a chomrádaí. P: The old man, (i) an seanduine (s'againne); (ii) an máistir. P: My old man, an fear s'agamsa; é féin. My old woman, an bhean s'agamsa; í féin. 6aAdj.phr.The poets of old, filí an tseansaoil. bAdv.phr.(i) Fad ó shin; san am fadó, (ii) I know him of old, tá seanaithne agam air.