TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
fate , s . Cinniúint f -úna ; dán m . Myth : The Fates , na Fáithe fpl , bandéithe fpl na cinniúna . To leave s.o. to his fate , duine a fhágáil i muinín na cinniúna . He met his fate in 1915 , tháinig an bás air sa bhliain 1915.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The fate that awaits him , an rud atá faoina choinne .
I deplore his fate , is trua liom a chás .
They disposed of his fate , shocraigh siad céard a bhí le déanamh leis .
The place where he was fated to die , fód a bháis .
It is fated that I should remain here , tá sé i ndán dom, de chrann orm, fanacht anseo .
The enemy closed upon the fated city , thimpeallaigh an namhaid an chathair a raibh an tubaiste i ndán di .
If fate goes against us , má thagann an saol salach orainn .
My fate is in your hands , tá mo leas agus m'aimhleas ag brath ort .
My fate is in your hands , tá mo chinniúint ar do lámha .
To rail at fate , bheith ag ceasacht ar an gcinniúint .
F : His fate is sealed , tá a chosa nite ; tá a ainm sa leabhar .
As sure as death, as fate , chomh siúráilte le héirí gréine amárach .
Unkind fate , dúchinniúint f , cinniúint chadránta .
His friend's fate was uppermost in his thoughts , cinniúint a chomrádaí ba mhó a bhí ag déanamh imní dó .
Fate weighs heavily on us , is trom lámh na cinniúna orainn .
I shall go whither fate leads me , rachaidh mé cibé bealach a dtabharfaidh an chinniúint mé .
Fate willed (it) that he should die , ba é an bás a bhí i ndán dó .