TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
along . 1 prep . a To walk along the shore , siúl feadh an chladaigh . To go along a street , dul síos (suas, etc.) sráid . To sail along the land , seoladh le taobh an chladaigh ; coinneáil leis an gcladach . b Trees along the river , crainn atá le taobh na habhann . 2 adv . a To move along , dul ar aghaidh . He was walking along , bhí sé ag siúl roimhe . Reading as he went along , é ag léamh roimhe . Along with me, you , etc., faram, farat, etc . Come along with me , teara uait . Come along! siúl leat anseo! b I knew that all along , bhí a fhios sin agam i rith an ama . c Along with , le cois, i dteannta, in éineacht le .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was ambling along , bhí sé ag spaisteoireacht leis, bhí sé ag siúl leis de réir a choise .
Along the road buildings soon arose , ba ghairid gur tógadh tithe ar thaobhanna an bhealaigh .
He was blundering his way along , bhí sé ag smúracht roimhe .
Bring him along , bíodh sé leat .
(Of can) Bumping along , ag bacadradh leis .
To career along , imeacht go fiáin, sna feire glinnte .
He was carried along by the current , scuab an sruth leis é .
To coast (along) , seoladh leis an gcósta .
Come along! (i) gabh i leith! téanam! (ii) fág seo! seo linn!
He was crawling along , bhí sé ag sraoilleadh, ag máingeáil, leis .
He was doddering along , bhí sé ag siúl go fann tuisleach ; ceo ar bith ach go raibh sé á mealladh leis .
(Of pers.) He was dragging along , bhí sé ag sraonadh leis ; bhí sé ag sracadh leis ar deireadh .
To drive along the road , tiomáint fan an bhóthair .
He was floundering along , bhí sé ag streachailt na gcos leis .
He footles along , bíonn sé ag útamáil leis .
Get along (with you)! (i) bí ag cur dioth ; (ii) cuir uait!
We'll get along somehow , bainfimid lá as ar chuma éigin .
To get along without sth., s.o ., déanamh in éagmais, déanamh cheal, ruda, duine .
He gets along well with the old man , tá sé féin agus an seanduine ag réiteach go maith le chéile .
Go along with you! (i) bailigh leat (uaim)! (ii) cuir uait (an magadh)! huga leat!
Hacking along the road , ag falaireacht feadh an bhóthair .
He hobbled along , bhí sé ag bacadradh leis .
To jog along , siúl go réidh, de réir do choise .
We are jogging along , táimid ag sraonadh linn, ag streachailt linn .
To labour along , treabhadh chun cinn go maslach duaisiúil .
He was labouring along , bhí sé ag sraonadh leis, ag sracadh leis .
The police would not let anyone along the street , ní scaoilfeadh, ligfeadh, na póilíní aon duine faoin tsráid .
Our road lay along the valley , an gleann amach a ghabh ár mbóthar .
He was limping along , bhí sé ag bacadaíl leis .
(Of animal) To lop along , bheith ag pocléimneach roimhe, ag abhóga roimhe .
To lope along , dul ar aghaidh de thruslóga, d'abhóga ; truslóga a thabhairt ; siúl romhat go scóipiúil .
To lounge along , bheith ag spaisteoireacht go támhleisciúil romhat .
To lumber along , sraonadh, treabhadh, chun cinn go maslach, go hanásta, go stágach .
To lump along , treabhadh chun cinn go costrom, go maslach .
To lurch along , bheith ag tuairteáil romhat .
He was lurching along the road , bhí sé ag tabhairt dhá thaobh an bhealaigh leis .
To march along , máirseáil, gluaiseacht, ar aghaidh .
To oar one's way along , iomramh leat .
(Of wolf, etc.) To pad (along) , bheith ag sodar go coséadrom .
To pass along the street , dul síos (suas, siar, etc.) an tsráid .
Rail : Pass along the car! siar ón doras libh!
(Of hydroplane) To plane along the water , scinneadh leis ar an uisce .
To potter along , bheith ag sraonadh leat, ag snámh leat .
To pound along , satailt romhat go tromchosach .
(Of steamer) She was pounding along , bhí sí ag rúscadh na farraige roimpi .
To race along , rith leat go tapaidh .
Island that ranges along the mainland , oileán atá sínte le tír mór .
It was rattling along , bhí siúl faoi is gach aon ghliogar aige .
He was reeling along the road , bhí dhá thaobh an bhóthair leis .