Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: block · chock · clack · click · cloak
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh clock »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
clock1, s. 1 a Clog m. What o'clock is it? cén t-am é? cad a chlog é? It is one, two, o'clock, tá sé a haon, a dó, a chlog. It took him ten minutes by the clock, thóg sé deich nóiméad a chloig air. He slept the clock round, chodail sé lá agus oíche. (Intensive) Like one o'clock, go hiontach, thar cionn, thar barr. You get on together like one o'clock, tá sibh mar a bheadh gearrán bán agus coca féir; tá sibh ag teacht le chéile thar cionn. Everything went like one o'clock, d'éirigh le gach uile shórt ar fheabhas. b Clock of taxi-cab, méadar m tacsaí. 2 (Of dandelion) Cloigín m.
clock2 . 1 v.tr. Coinním am (reathaí, etc.). 2 v.i. a Av: (Of engine) To clock over, casadh go bog. b Ind: To clock on, off, am tagtha, am imeachta, a mharcáil.
clock3, s. (On sock) Cloca m.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Put the clock back, cuir an clog ar gcúl.
By the clock it is three, tá sé a trí de réir an chloig.
Chiming clock, clog m clinge.
Don't fiddle with the clock, ná bí ag ladhráil ar an gclog, éist leis an gclog.
The clock gains a minute in the day, téann an clog nóiméad mear sa lá.
Clock with guarantee for two years, clog a bhfuil bannaí dhá bhliain leis.
Clock that loses five minutes a day, clog a chailleann cúig nóiméad sa lá.
To take a clock to pieces, clog a bhaint ó chéile.
The clock pointed to ten, bhí sé a deich ar an gclog.
He can't read the clock, ní aithníonn sé an clog.
The clock is right, tá an clog ar an am.
The church clock says ten, tá sé a deich de réir chlog na heaglaise.
To set the clock, an clog a shocrú.
To set the alarm(-clock) for five, an clog a shocrú le bualadh ar a cúig.
To set back the clock, an clog a chur ar gcúl.
Your clock is five minutes slow, tá do chlog cúig nóiméad mall.
The clock goes slow, tá an clog ag cailleadh.
To start a clock, clog a chur sa siúl, ag gabháil.
The clock struck six, bhuail an clog a sé.
Striking clock, clog m buailte.
To tell the clock, an clog a aithint.
To wind the clock, an clog a thochrais, a chasadh.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht