request1, s.1Achainí f, iarratas m. Earnest request, impí dhian. Request for money, iarratas ar airgead. At the request of s.o., ar iarratas duine. Samples may be had on request, samplaí le fáil ach iad a iarraidh. To make a request, iarratas a dhéanamh, a chur isteach. To grant a request, géilleadh d'iarratas. To sing sth. by request, rud a chanadh ar iarratas. 2Éileamh m, glaoch m. To be in request, éileamh a bheith ar rud. Com: Article in great request, earra m a bhfuil glaoch mór air. He is very much in request, tá an-tóir air.
request2, v.tr.1Achainím; iarraim. To request sth. of s.o., rud a iarraidh ar dhuine. 2To request s.o. to do sth., iarraidh ar dhuine rud a dhéanamh. The public is requested to keep off the grass, táthar ag iarraidh ar an bpobal gan siúl ar an bhféar. Com: As requested, mar a iarradh. 3To request permission to do sth., cead a iarraidh, a lorg, rud a dhéanamh.