Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: secrete · scree · sect · secure · sere
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh secret »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
secret. 1 a. a Rúnda, rúin, sicréideach. To keep sth. secret, rud a choinneáil faoi rún; rún a dhéanamh ar rud. The Secret Service, an Rúnseirbhís f. Secret door, doras folaithe. The secret places of the heart, uaigneas m an chroí. b (Of pers.) Rúnmhar, discréideach, inrúin. c (Of place) Folaithe, uaigneach. 2 s. a Rún m, scéal m rúin, sicréid f. He can't keep a secret, níl ceilt a dhath ann; níl aon fhothain, aon fhoscadh, ann. To tell each other secrets, a rúnta a ligean le chéile. I make no secret of it, níl mé á cheilt ar aon duine. To let s.o. into the secret, an rún a ligean le duine. He is in the secret, tá fios an rúin aige. Open secret, rún a chloisfidh tír. To tell sth. as a secret, rud a insint i modh rúin, faoi rún. As a great secret, faoi rún daingean. b In secret, faoi choim; faoi rún; gan fhios.   secretly, adv. Faoi choim, faoi rún; faoi cheilt; os íseal; gan fhios.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To babble (out) a secret, rún a spalpadh amach.
v.tr.He blabbed out the secret, sceith sé an rún.
Close secret, rún dosceite.
Dead secret, fíor-rún.
His secret died with him, thug sé an rún san uaigh leis.
To entrust a secret to s.o., rún a ligean le duine ar iontaoibh.
To get a secret out of s.o., rún a scileadh as duine; a thabhairt ar dhuine rún a scaoileadh.
The secret got out, sceitheadh an rún.
To initiate s.o. into a secret, rún a ligean le duine.
F: To let s.o. in on a secret, rún a scaoileadh, a ligean, le duine.
To let s.o. into a secret, fios rúin a thabhairt do dhuine; rún a ligean le duine.
To let out a secret, rún a sceitheadh.
F: To nose out a secret, dul amach ar rún; rún a chur amach.
Open secret, scéal rúin agus fios ag triúr air.
The secret is out, tá an rún sceite.
To penetrate a secret, fios rúin a aimsiú; dul amach ar rún.
Profound secret, dúrún m.
To pry into a secret, féachaint le fios rúin a fháil.
To cherish a secret resentment against s.o., an nimh san fheoil a bheith agat do dhuine.
Secret session, cruinniú faoi rún.
The secret slipped out, sceitheadh an rún.
To tell a secret to s.o., rún a ligean le duine.
To unload one's heart of a secret, rún do chroí a scaoileadh.
Secret vote, vótáil faoi rún.
To worm a secret out of s.o., rún a mhealladh, a bhréagadh, ó dhuine.
To wring a secret from s.o., rún a bhaint as duine dá bhuíochas.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht