shaky, a.(Balla) éadaingean; (bord) liongadánach; (sláinte) mheata; (lámh) chreathach.Shaky writing, scríbhneoireacht éidreorach. Shaky voice, guth creathach. He is shaky on his legs, tá na hioscaidí ag lúbadh faoi. I feel shaky to-day, tá mé crólag inniu. His English is shaky, níl an chuid is fearr den Bhéarla aige. ►shakily, adv.Go héadaingean, go creathach.