touch1, s.Teagmháil f, tadhall m.1To give s.o. a touch, lámh f, méar f, a leagan ar dhuine. I felt a touch on my arm, d'airigh mé lámh ar mo sciathán. 2Mothú m, tadhall m. He has a fine sense of touch, tá meabhair f na lámh go cruinn aige. To know sth. by the touch, rud a aithint ar a mhothú. 3(Feel) Mothú m. The cold touch of marble, fuacht an mharmair le mothú. 4aBuillín m. To give a horse a touch of the spurs, na spoir a thabhairt go héadrom do chapall. A mere touch, an buille is lú. bLeadhb f (de scuab); scríob f (de pheann). To add a few touches to a picture, deismínteacht bheag bhreise a dhéanamh ar phictiúr. To give the finishing touch(es), the final touch, to sth., bailchríoch a chur ar rud; an dlaoi mhullaigh a chur ar rud. 5aSculptor with a bold touch, dealbhóir lámhdhána. Delicate touch (with the brush), lámh éadrom (ar an scuab). He writes with a light touch, tá stíl éadrom aige. bMus: Tadhall m. A sweet touch, méar bhinn. Typewr: Buille m. 6aTouch of salt, gráinnín m salainn. Touch of garlic, blas gairleoige. Touch of satire, iarracht den aoir. The first touches of Autumn, céadchosúlachtaí an fhómhair. There was a touch of bitterness in his reply, bhí blas beag searbh ar an bhfreagra a thug sé. A touch of suspicion, claon m amhrais. Touch of nature, braon m dúchais. bTouch of fever, of flu, of gout, sceitse den fhiabhras; creathán den fhliú; doigh ghúta. 7Baint f, caidreamh m, teagmháil f. He was in touch with them, theagmhaigh sé leo; bhí caidreamh aige leo. To get in touch with the police, scéala a thabhairt do na gardaí. He put her in touch with them, chuir sé in aithne dhóibh í; thug sé le chéile í féin agus iad féin. He lost touch with them, d'imigh siad ó chaidreamh air. The personal touch, an caidreamh pearsanta; an déileáil phearsanta. To be in touch with the situation, fios na gcúrsaí a bheith agat. 8Fb: Taobhlíne f. In touch, thar an taobhlíne. 9F: It was a near touch, dóbair dhúinn (dóibh, etc.).
touch2,Iv.tr.1aTeagmhaím le, bainim le, leagaim (lámh, méar) ar. To touch sth. with one's finger, méar a leagan ar rud. To touch s.o. on the shoulder, lámh a leagan ar ghualainn duine. To touch one's hat, lámh a chur i do hata. He touched his cap to me, chuir sé lámh ina chaipín chugam. F: Touch wood!i bhfad uainn an tubaiste!Don't touch those eggs, ná bain leis, do, na huibheacha sin. To touch land, teacht i dtír, talamh a ghabháil. F: I wouldn't touch them, ba leasc liom drannadh leo. S.a. BARGE-POLE, BOTTOM1 1, GROUND2 1. bHis garden touches mine, tá a gharraí sínte le mo gharraíse. cSpreagaim, buailim (téada cláirsí). To touch a spring, sprionga a bhogadh. dv.ind.tr.To touch on a subject, ábhar a lua, a tharraingt anuas. eSroichim, bainim amach. The law can't touch him, níl aon fháil ag an dlí air. No one can touch him in cards, níl goir ag aon duine air mar fhear cártaí. I never touch whiskey, ní bhlaisim den uisce beatha ar chor ar bith; ní bhíonn roinn, plé, ar bith leis an uisce beatha agam. I didn't touch food to-day, ní dheachaigh blas bia i mo bhéal inniu. 2aTéim i bhfeidhm ar. The file will not touch it, níl greim ar bith ag an oighe chuimealta air. S.a. RAW II. bI could not touch the history paper, ní fhéadfainn lámh ar bith a dhéanamh ar an bpáipéar staire. 3Corraím, bogaim (duine). He was touched by her kindness, chuaigh a cineáltas go croí ann. 4The question touches you nearly, tá an scéal i ngar don chnámh agat féin; baineann an scéal go dlúth leat féin. 5Flowers touched by the frost, bláthanna barrdhóite ag an sioc, bláthanna ar theagmhaigh an sioc leo. 6F: To touch s.o. for a fiver, bearradh cúig phunt a mhealladh ó dhuine. II►touch, v.i.1(Of pers., thgs.) Teagmhaíonn le chéile. aTá buailte le chéile, ar a chéile. bTagann le chéile. 2Nau: To touch at a port, teacht caladh.