only.Ia.Aon-; (ceann) aonair. My only son, m'aonmhac. And he her only son, agus í taobh leis de shliocht. An only sister, deirfiúr f aonair. My one and only hope, an t-aon dóchas amháin agam. His only answer was to burst out laughing, níor thug sé de fhreagra orm ach racht gáire a dhéanamh. He was the only one who saw it, ba é an t-aon duine amháin a chonaic é. That was the only question I asked him, sin ar chuireas de cheist air. You are not the only one, níl tú leat féin amhlaidh. IIadv.Amháin. I have only three, níl agam ach trí cinn. 'Ladies only', 'mná amháin'. ' Only he can say, níl a fhios ag aon duine ach aigesean. Only the binding is torn, níl stróicthe ach an ceangal. I only touched it with my finger, ní dhearna mé ach mo mhéar a leagan air. He has only to ask for it, níl air ach a iarraidh. I will only say . . ., ní dhéarfad ach . . . Only to think of it, agus smaoineamh féin air. Not only ... but also . . ., ní hamháin . . . ach . . . freisin. If only I could speak to him, dá bhféadfainn labhairt féin leis. If only I get hold of him, ach mé greim a fháil air. He was here only yesterday, bhí sé anseo inné féin; níl sé ach inné ó bhí sé anseo. If you would only come in time, dá mb'áil leat teacht in am. S.a. JUST II. 2, 4. IIIconj.Ach. The story is good, only rather long, scéal maith é ach is ar a fhad. I would do it, only that . . ., dhéanfainn é ach go . . ., murach go . . ., mura mbeadh go . . .