muir1, f. (gs. & pl. mara).Sea. 1. An mhuir mhór, the open sea, the ocean. ~ intíre, inland, enclosed, sea. ~ scairbhe, epicontinental sea. Ar ~, at sea. Thar ~, over, beyond, the sea. Ar ~ agus ar tír, on sea and land. De mhuir agus de thír, by sea and land. Long mhara, sea-going ship. Tonn mhara, ocean wave. Éin mhara, sea-birds. Ainmhithe mara, marine animals. Plandaí mara, maritime plants. Prov:Ní fhanann ~ le fear sotail, time and tide wait for no man. S.a. bó12, eascann 1, lán13, maighdean 2, scian13, seol13 (a), sionnach 2, sliogán 1 (b), spéirlint 2, súil 2 (a).2. (In phrase) ~ théachta, frozen sea; vast amount. Tá na prátaí ina ~ théachta aige, he has a great crop of potatoes. Shíl sé go raibh an mhuir théachta aige, he thought his fortune was made.
muir2, f. (In phrase) ~ chlúmhach = Máirín an chlúimh :máirín 1.