Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: thig · tig · tlig · tóig · trig
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
tuig, v.t. & i. (vn. tuiscint, pp. ~the).Understand. 1. Know meaning of, comprehend. Teanga, ceacht, óráid, a thuiscint, to understand a language, a lesson, a speech. Ní thuigim focal de, I don’t understand a word of it. An dtuigeann tú mé? Do you understand me? S.a. léann12(a).2. Know nature of. ~eann siad an chontúirt atá ann, they understand the danger of it. ~im an cás ach ní aontaím leis, I understand the case but I don’t agree with it. Ní thuigeann tú intinn na bhfear sin, you don’t understand how those men’s minds work. 3. Know reason for. ~im cad é a thug ann é, I understand what brought him there. Ní thuigim cad chuige a ndearna tú é, I don’t understand why you did it. 4. Have feeling for. An té nach dtuigeann ceol, he who doesn’t understand music. Ní thuigeann sé an bhochtaineacht, he has no conception of poverty. 5. Realize. ~im go bhfuil deifir ort, I realize you are in a hurry. Is maith a thuig sé nár chóir dó sin a dhéanamh, he knew well that he shouldn’t have done that. ~ é nó ná ~, believe it or not. 6. Assume to be true. Ná ~ go bhfuil cead do chinn anseo agat, don’t get the idea that you can do as you please here. 7. (a) (With as) Thuig mé as a chuid cainte (go), I gathered from what he said (that). Is ~the as sin (go), from that it may be understood (that). Mura dtuige tú féin é ~fidh tú as, even if you don’t understand the details you’ll get the message. (b) (Aut. with do) ~eadh dom go mbeadh do chuidiú againn, I got the idea that we would have your help. (c)~im duit sa chás sin, I understand how you feel in that case. Ní thuigim é ach ~im dó, I don’t understand it but I appreciate how it is. (d) (With ó)Thuig mé uait (go), I understood from you (that). Ní hé sin an rud a thuig mé uaidh, that is not what I gathered from him. Ní thuigim focal uathu, I don’t understand a word they say.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
ABAIRTÍ IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Ní thuigim é ach tuigim as, I don’t understand it but I get the implication of it.
Tuigim an bhrí atá leis, I get the gist of it.
Tuiscint, eagna, chaol, subtle perception, insight.
Tuigim do chás, I understand your case, recognize your difficulty.
Ní thuigim i g~ é, I don’t understand him, it, properly.
Ní thuigim ~ a bhaineann sé leat, I don’t see how it concerns you.
Tuigim ~ de, I understand a word of it here and there.
Ciall agus tuiscint agus ~ chinn, sense and understanding and intelligence.
Ciall, tuiscint, a fháil, to get sense, understanding.
Tuigim go ~ é, I understand it perfectly.
Ní thuigim ~ uaidh, I don’t understand a word he says.
Tuigim conas é a ~, I know how to handle him.
Ní go rómhaith a thuigim é, I don’t understand it very well.
Ní thuigim ~ dá bhfuil á rá aige, I don’t understand half of what he says.
Ní thuigim ~ de, I understand nothing of it.
Tuigim sin ón méid atá ráite agat, I understand that from what you have said.
Ní thuigim ~ de, I don’t understand it in the least.
Thug siad le tuiscint dom go raibh siad i mo leith, they gave me to understand that they were on my side.
~ ar obair, ar chúrsaí leighis, ar an saol, an understanding of work, of medical matters, of life.
~ don cheol, appreciation of music.
Níl ~ agam sna rudaí sin, I don’t understand these matters.
~ a bheith agat do dhaoine, to have a symphathetic understanding of people.
Is beag ~ atá ann, he has little consideration.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht