care1, s.1Imní f, buaireamh m. My greatest care, an cúram is mó atá orm. Gnawing care, buaireamh cráite. 2Cúram m, aire f. Constant care, síoraire. Tender care, aire f an linbh, aire f na fola. Care for details, aire f do mhionphointí; cúram i mionphointí. Take care in doing it, bí san airdeall agus tú á dhéanamh. Take care not to break it, fainic an mbrisfeá é. Take care! have a care!(tabhair) aire dhuit (dhaoibh) féin! seachain tú (sibh) féin!Take care of your health, tabhair aire do do shláinte. Take care that that shall be done, tabhair do d'aire go ndéanfar é sin. That matter will take care of itself, beidh an scéal sin ceart go leor. 3Cúram m. Care of children, cúram páistí. Write to me care of Mrs. X, scríobh chugam tigh Bhean X, f/ch. Bhean X. Want of care, siléig f, sleamchúis f, faillí f. 4Cares of State, cúramaí mpl Stáit. That shall be my care, fágtar a chúram sin fúmsa; fágtar sin fúmsa.
care2, v.i.1Cuirim suim i; is miste liom faoi. That is all he cares about, sin é a bhfuil ar a aird; sin a bhfuil ag déanamh tinnis dó. I don't care what he says, is cuma liom céard a déarfas sé. What do I care?nach cuma liom?I don't care much for it, níl thairis sin de shuim agam ann; ní mó ná go dtaitníonn sé liom. He cares for nothing, níl suim i dada aige; is cuma leis faoi rud ar bith. Not that I care, ní hé gur miste liomsa. I don't care! as if I cared!is cuma liom! ní miste liom!I don't care either way, is é an cás céanna domsa é. I don't care a red cent, is cuma liom sa tubaiste. 2To care for invalids, aire a thabhairt do, giollaíocht a dhéanamh ar, othair; bheith i bhfeighil othar. He has a well-cared for appearance, tá cuma na haire air. 3To care for s.o., cion a bheith agat ar dhuine. He cares very much for her, tá a chroí istigh inti. He doesn't care for her, ní thaitníonn sí leis. I don't care if I do, ní miste liom; ní dhiúltóinn dó. If you care to join us, más maith leat teacht anall, fanacht, in éineacht linn. If you care to, má thograíonn tú; más maith leat.