EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
drink 1 , s . 1 a Deoch f (g . dí) . Food and drink , bia agus deoch . b To give s.o. a drink , deoch a thabhairt do dhuine . To have a drink , deoch a ól . Drink of water , deoch uisce . Will you have a drink? an ólfaidh tú deoch? Strong drink , braon crua . 2 Ól m , ólachán m . To take to drink, to be addicted to drink , bheith tugtha don ól . The drink question , ceist an ólacháin . To be in drink, the worse for drink, under the influence of drink , bheith óltach, bheith ar meisce, braon sa choiricín a bheith agat .
drink 2 , v .tr . Ólaim . 1 To drink water, wine , uisce, fíon, a ól . Will you have something to drink , an ólfaidh tú rud éigin? Fit to drink , inólta . He drank (of) the cup of joy , bhí saol sona (tamall) aige . To drink to s.o.'s health , sláinte duine a ól . S.a. DEATH, HEALTH. 2 Abs .I hear he drinks , cloisim go mbíonn sé ag ól . To drink hard, heavily , ól go trom . He drinks like a fish , d'ólfadh sé Loch Éirne, an chrois den asal .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To abandon oneself to drink , ligean leat féin leis an ól .
Addicted to drink , tugtha don ól .
We drank of the best , d'ólamar scoth na dí .
Drink has brought him down , is é an t-ól a rinne a chreach .
Drink it cold , ól as a fhuaire é .
To drink a parting cup , deoch an dorais a ól .
Dead drunk , ar stealladh meisce .
He drank himself to death , thug sé a bhás féin leis an ól .
To drink the cup to the dregs , an cupán a dhiúgadh .
F : He drank it all in , (i) bhí a bhéal ar leathadh ag éisteacht leis ; (ii) chreid sé gach uile fhocal de .
I didn't get a drop to drink , ní bhfuair mé fliuchadh mo bhéil .
He drowned his sorrow in drink , chuir sé cuimhne a bhuartha as a cheann leis an ól .
To get drunk , dul ar meisce .
He was dead drunk , ní raibh féith ná comhaireamh aige, ní raibh aithne a bheart aige .
He was blind drunk , bhí sé dallta, caoch ar meisce .
As drunk as a fiddler, as a lord , ar stealladh na ngrást .
Drunk and disorderly , ar meisce agus go mí-iomprach .
He was drunk with success , bhí a chloigeann tógtha le chomh maith is bhí ag éirí leis .
Drunk with carnage , ar mire ag an ár .
He does nothing except eat and drink , ní dhéanann sé pioc ach ag ithe agus ag ól .
He drank to excess , chuaigh sé thar fóir leis an ól .
He fell a victim to drink , fuair an t-ól an lámh in uachtar air .
He drank his fill , d'ól sé a shá, a dhóthain .
Finish up your drink! ól siar do dheoch!
Fit to drink , oiriúnach le n-ól, inólta .
Face flushed with drink , aghaidh chíríneach ag an ól .
He is fond of music, drink , tá dúil aige sa cheol, sa deoch ; tá sé tugtha don cheol, don ól .
To drink from a cup , ól as cupán .
I'm gasping for a drink , táim spalptha leis an tart .
To give s.o. sth. to eat, to drink , rud a thabhairt le n-ithe, le n-ól, do dhuine .
He has given up drink , tá droim, cúl, láimhe tugtha leis an ól aige .
He gave himself up to drink , luigh sé isteach ar an ól as éadan .
Given to drink , tugtha don ól .
(Drinking-) glass , gloine (chun óil) .
The drink went to my head , chuaigh an t-ól i mo cheann dom .
He is far gone in drink , tá tonn mhaith ólta aige ; tá ualach maith ar bord aige .
He drank more than was good for him , d'ól sé braon thar an gceart .
To drink (to) the health of s.o ., sláinte duine a ól .
We ate and drank to our heart's content , bhí muid ag ithe agus ag ól go raibh muid subhach sách .
Hopelessly drunk , dallta ar meisce .
He talks as if he were drunk , tá sé ag caint mar a bheadh sé ar meisce .
To indulge in drink , luí isteach ar an deoch .
Under the influence of drink , agus an t-ól ag oibriú air (orthu, etc.) .
A drink with a kick in it , deoch a bhfuil brí inti .
Would you like a drink? an ólfá deoch?
To drink the loyal toast , sláinte an rí a ól .
He might have offered me a drink , is iomaí a leithéid a thairgfeadh deoch do dhuine .
Let the horse loose that he may get a drink , lig a ceann leis an gcapall go bhfaighidh sí deoch .