good.Ia.Maith. 1aGood wine, fíon maith, fónta. Good handwriting, scríbhneoireacht mhaith; dea-scríbhneoireacht. Good story, scéal maith. F: That's a good one!an-scéal é sin! thar a bhfacais riamh!Good to eat, (go) maith le n-ithe. Give me sth. good, tabhair rud éigin fónta, rud éigin ar fónamh, dom. This is good enough for me, tá seo maith mo dhóthain. That's not good enough, (i) ní dhéanfaidh sin cúis in aon chor; (ii) F: tá sin ag dul thar fóir; tá sin gan aon dealramh. Good business man, an-fhear gnóthaí. Good Irish, Gaeilge chruinn bhlasta. b(Of food) To keep good, seasamh gan lobhadh. cGood reason, excuse, cúis mhaith, leithscéal maith. Good debt, fiacha siúráilte. Chit good for ten shillings, nóta gur fiú deich scillingí é. Ticket good for two months, ticéad a d'fhónfadh go ceann dhá mhí. He is good for another ten years, mairfidh sé deich mbliana eile. dTairbheach, fiúntach. Good marriage, cleamhnas ar fónamh. Good opportunity, caoi oiriúnach. They are people of good position, daoine oiriúnacha iad; daoine fiúntacha iad. I thought good to do so, tuigeadh dom nár mhiste é a dhéanamh. A good day (at the races), lá áidh (ag na rásaí). He made a good thing out of it, bhain sé leas as; bhí rud dá bharr aige. He earns good money, tá pá mór dó. eSonasach, séanmhar. Good news, scéal áthais, dea-scéal. What you say is too good to be true, ba mhaith an fear scéil thú. Good for you!mo ghraidhn tú! ba mhaith a rinnis é! Dia leat!Good (job)! that's a good thing, is maith an scéal é; is maith sin. Very good!an-mhaith (go léir)! go diail! maith más ea!It was a good thing for him that she came, ba mhaith an scéal dhó í a theacht. How good it is to see the sun again, nach aoibhinn an rud é an ghrian a fheiceáil arís. f(As salutation) Good morning! (i) Dia dhuit (ar maidin)! (ii) (taking leave) lá maith agat!Good day! (i) Dia dhuit! (ii) (taking leave) lá maith agat!Good evening, tráthnóna maith agat!Good night! (i) Dia dhuit! (ii) (taking leave, on retirement to bed) oíche mhaith agat!I wished him good night, bheannaíos dó; d'fhág mé oíche mhaith aige. gBeer is not good for me, níl an bheoir go maith agam, ní réitíonn an bheoir liom. He drank more than was good for him, d'ól sé braon thar an gceart. hGood for nothing, beag de mhaith; gan mhaith. He is good for nothing, níl aon déantas maitheasa ann; níl aon rath air. (i) Good at Latin, go maith chun Laidine. He is good at all games, tá lámh ar gach uile chluiche aige; tá sé deas ar gach aon chluiche. To feel good, aireachtáil ar fónamh. 2aGood man, duine fónta, macánta, cóir; dea-dhuine. To lead a good life, dea-bheatha a chaitheamh. He led a good life, bhí sé dea-bheathach. Good conduct, good behaviour, dea-iompar. Good men and true, dea-mhuintir dhílis; fir fhónta chóra. F: The good people, na daoine maithe. The good and the bad, an drochdhuine agus an duine fónta. Good Old John!mo ghraidhn é Seán! Seán, Dia go deo leis!A. & Lit: The good ship Arethusa, an long Arethusa. b(Of children) Socair, macánta. James is a good child, is macánta an leanbh é Séamas. As good as gold, chomh socair le huan. Be a good child, bí i do ghasúr maith; ná déan aon chros. cHer good man, a fear céile. His good lady, a bhean chéile. dDea-chroíoch, cneasta, lách. That's very good of you, is maith uait sin. Will you be good enough to come, ar mhiste leat teacht?Good feeling, dea-intinn f, dea-rún m. Good nature, dea-chroí m. To be good to animals, bheith cineálta le hainmhithe. He is a good sort, is macánta, galánta, an duine é; duine lách é. eGood Lord, deliver us!Dia idir sinn agus an anachain! go saora Dia sinn. F: Good Lord! Good Heavens!a Dhia mhóir! a Mhaighdean bheannaithe! A Thiarna Dia!3(Intensive) aI waited two good hours, bhíos dhá uair fhada a chloig ag feitheamh. It is two good miles away, tá sé dhá mhíle as seo go sásta. A good long time, a good while, tamall maith fada. You still have a good way to go, tá gearrthamall den tslí romhat fós. A good deal, mórán; mórchuid; roinnt mhaith. A good many people, a good few people, riar maith, gearrchuid, áireamh maith, daoine. She had a good cry, chaoin sí a sá. badv.To dress s.o. down good (and proper), íde béil a thabhairt ar dhuine; scalladh maith teanga a thabhairt do dhuine. 4As good as. My family is as good as his, tá mo mhuintirse chomh maith lena mhuintir siúd. I gave him as good as I got, mar do thomhais sé chugam thomhaiseas chuige. It is as good as new, tá sé chomh maith agus a bhí sé an chéad lá riamh; tá sé sa mhaith chéanna agus a bhí riamh. It is as good as done, tá sé chóir a bheith déanta; tá sé sna fonsaí cruinnithe. He is as good as cured, tá sé ionann is leigheasta. 5To make good. aTugaim isteach (mo chaillteanas); leigheasaim (éagóir). I will make it good to you, cúiteod leat é. bCuirim le, comhlíonaim (gealltanas); déanaim de réir (m'fhocail). cTugaim (beartú) chun críche. He made good his escape, d'éirigh leis éalú; thug sé na cosa leis. dDaingním (ionad atá bainte amach agam); cuirim (ceart) i bhfeidhm. eAbs. (i) Rathaím, tagann rath orm. (ii) Déanaim leorghníomh (i mo chionta). IIs.1Maith f, maitheas f -a. aTo do good (in the world), tairbhe m a dhéanamh (sa saol). He will never do any more good, ní dhéanfaidh sé lá maitheasa arís lena shaol. He is up to no good, ní haon fhuadar fónta atá faoi. There's some good in him, tá fír, goin, éigin maitheasa ann. bI did it for your good, mar mhaithe leat a rinneas é. For the good of his health, ar mhaithe lena shláinte. To labour for the common good, oibriú ar son leas an phobail. Much good may it do you!nár thé sé ar bláth ná ar biseach duit! a chonách sin ort!A lot of good that will be to you!is beag a bheidh dá bharr sin agat! ní mór a bheir buaite leis sin. The war has not done us any good, ní fearrde sinn an cogadh. That won't be much good, ní bheidh puinn maitheasa ansin; is beag an tairbhe a dhéanfaidh sé sin. It is no good saying . . ., ní haon tairbhe, ní haon chabhair, a bheith á rá (go) ... No good talking about it, is beag an chabhair a bheith ag caint air; ní fearr a bheith ag caint air. He will come to no good, béarfaidh droch-chríoch fós air; ní haon dea-chríoch a thiocfaidh air. He's no good, níl aon mhaith ann. cIt is all to the good, is amhlaidh is fearr é. dadv.phr.He is gone for good (and all), tá sé imithe gan súil le filleadh. I hope he is gone for good, imeacht gan teacht air. 2pl.Goods. aJur: Maoin f. This world's goods, maoin an tsaoil seobEarraí mpl. To deliver the goods, (i) na hearraí a sheachadadh; (ii) P: cur le do ghealltanas. He has the goods, tá cumas a dhéanta aige. That's the goods!sin í an obair ar fónamh! anois atá tú ag caint! mo ghraidhn (do bhaile)!Goods train, traein earraí.