EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
saw 1 , s . Sábh m , toireasc m Hand-saw , sábh láimhe . Power saw , sábh innill . Circular saw, buzz-saw , sábh ciorclach . Keyhole saw , cróshábh m .
saw 2 , v .tr . 1 Sábhaim . Sawn timber , adhmad sáfa . To saw off a piece of it , píosa a ghearradh de le sábh . Sawed off shot-gun , gunna giorraithe . To saw the air , bheith ag bualadh an aeir . To saw on the fiddle , bheith ag streancánacht ar an bhfidil . 2 Bookb : Claisím (droim leabhair) .
saw 3 , s . Nath m -a , seanrá m .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I saw it from afar , chonaic mé i bhfad uaim é .
I saw him on Tuesday afternoon , chonaic mé tráthnóna Dé Máirt é .
F : It is an age, it is ages, since I saw him , ní fhacas leis na cianta é .
No longer ago than last week I saw him , níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é .
He saw it also , chonaic seisean é chomh maith céanna .
Any amount of people saw it , chonaic a lán daoine é .
As I live I saw him strike the blow , chomh cinnte agus atá mé beo chonaic mé ag bualadh an bhuille é .
It's years since I saw him , tá sé na blianta ó chonaic mé é .
Both of us saw it , chonaiceamar araon é .
But I tell you I saw it , ach deirim leat go bhfacas é .
I saw him but an hour ago , níl sé ach uair ó chonaic mé é .
When I saw him at close quarters , nuair a chonaic mé i ngar dom é .
Cross-cut saw , cros-sábh m .
I saw him the other day , chonaic mé é, an lá faoi dheireadh, an lá cheana .
Different people saw him , chonaic daoine éagsúla é, ní aon duine amháin a chonaic é .
I saw it away in the distance , chonaic mé i bhfad uaim é .
He saw the error of his ways , thuig sé an dul amú a bhí air .
I saw it with my own eyes , mo dhá shúil a chonaic é .
In fancy, I saw ..., shamhlaíos go bhfaca mé, dhearcas trí m'aisling . . .
I saw him from afar , chonaic mé i bhfad uaim é .
I saw it at a glance , ba léir dhom d'aonamharc é ; chonac i bhfaiteadh na súl é .
I saw him but not her , chonaic mé eisean ach ní fhaca mé ise .
I saw her , chonaic mé ise .
I saw him but not you , chonaic mé eisean ach ní fhaca mé tusa .
I saw him , chonaic mé eisean .
If he came, he saw it , má tháinig sé, chonaic sé é .
Games : Jig-saw puzzle , tomhas m míreanna mearaí .
I saw him just now , anois go díreach, anois beag, a chonaic mé é .
That is the last I saw of him , ní fhaca mé riamh ó shin é .
When I saw him last , an uair dheireanach dá bhfaca mé é ; an uair is deireanaí a chonaic mé é .
Don't let on that you saw me , ná lig ort féin go bhfacais mé .
I saw him against the light , chonaic mé idir mé agus léas é .
F : He saw the red light , chonaic sé an baol ag bagairt .
I never saw anything like it , ní fhaca mé riamh a leithéid .
It is a long time since I saw him , is fada nach bhfaca mé é ; ní fhaca mé le na cianta é .
It is long since I saw him , is fada nach bhfaca mé é .
I saw quite a lot of him in Paris , chonaic mé minic go maith é i bPáras .
Many a one saw it , is iomaí duine a chonaic é ; chonaic mórán é .
As many as ten people saw it , chonaic suas le deichniúr é .
He saw me , chonaic sé mé .
He saw me , chonaic sé mise .
I saw him a moment ago , chonaic mé ar ball beag é .
The moment I saw him I recognized him , chomh luath géar agus chonaic mé é d'aithin mé é .
From the moment when I first saw him . . ., ón gcéad amharc a fuair mé air . . .
I saw him on Monday , chonaic mé Dé Luain é .
I saw him this morning , chonaic mé ar maidin é .
I saw that he must have suspected me , d'aithin mé nárbh fholáir nó go raibh amhras aige orm .
When I next saw him , an dara huair a chonaic mé é ; nuair a chonaic mé arís é .
He was the only one who saw it , ba é an t-aon duine amháin a chonaic é .
I saw him the other day , chonaic mé an lá faoi dheireadh, an lá cheana, é .