PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To abandon oneself to drink, ligean leat féin leis an ól.
He is a total abstainer (from alcohol), ní bhaineann sé don ól; ní ólann sé aon deoir.
Addicted to drink, tugtha don ól.
Will you have any more tea? an n-ólfaidh tú tuilleadh tae?
He spoke in a beery voice, bhí aithne óil ar a chuid cainte.
Drink has brought him down, is é an t-ól a rinne a chreach.
He carries his liquor well, tá acmhainn mhór óil aige.
Drink it cold, ól as a fhuaire é.
Convivial songs, amhráin óil.
F: To crack a bottle with s.o., buidéal a ól i gcuibhreann duine.
To drink a parting cup, deoch an dorais a ól.
He drank himself to death, thug sé a bhás féin leis an ól.
F: To discuss a bottle, buidéal a ól, a fholmhú in éineacht le chéile.
A hair of the dog that bit you, leigheas na póite é a ól arís.
To have a drink, deoch a ól.
Will you have a drink? an ólfaidh tú deoch?
To take to drink, to be addicted to drink, bheith tugtha don ól.
To drink water, wine, uisce, fíon, a ól.
Will you have something to drink, an ólfaidh tú rud éigin?
To drink to s.o.'s health, sláinte duine a ól.
Abs.I hear he drinks, cloisim go mbíonn sé ag ól.
To drink hard, heavily, ól go trom.
Water-drinkers, lucht ólta uisce.
F: To take a drop, braon a ól.
He has had a drop too much, tá braon thar an gceart ólta aige.
He drowned his sorrow in drink, chuir sé cuimhne a bhuartha as a cheann leis an ól.
F: Dutch courage, misneach m óil.
F: To crook the elbow, to lift one's elbow, bheith tugtha don ól.
He does nothing except eat and drink, ní dhéanann sé pioc ach ag ithe agus ag ól.
He drank to excess, chuaigh sé thar fóir leis an ól.
He fell a victim to drink, fuair an t-ól an lámh in uachtar air.
Finish up your drink! ól siar do dheoch!
Fit to drink, oiriúnach le n-ól, inólta.
Face flushed with drink, aghaidh chíríneach ag an ól.
To drink from a cup, ól as cupán.
To give s.o. sth. to eat, to drink, rud a thabhairt le n-ithe, le n-ól, do dhuine.
I give you the lady, ólaimis sláinte na mná uaisle.
He has given up drink, tá droim, cúl, láimhe tugtha leis an ól aige.
He gave himself up to drink, luigh sé isteach ar an ól as éadan.
Given to drink, tugtha don ól.
(Drinking-) glass, gloine (chun óil).
The drink went to my head, chuaigh an t-ól i mo cheann dom.
He is far gone in drink, tá tonn mhaith ólta aige; tá ualach maith ar bord aige.
Great drinker, fear mór óil.
To have tea with s.o., tae a ól i gcuideachta duine.
To drink (to) the health of s.o., sláinte duine a ól.
We ate and drank to our heart's content, bhí muid ag ithe agus ag ól go raibh muid subhach sách.
F: To take tea with a lot of old hens, tae a ól i gcuideachta scata cailleach.
Under the influence of drink, agus an t-ól ag oibriú air (orthu, etc.).
(Of animal) To lap (up) milk, bainne a ól suas, a leadhbadh siar.