in,Iprep.(Before cons.) I; (before vowel) in; (with def. art.) (sg.)sa, (pl.)sna; (pronominal forms) ionam, ionat, ann m; inti f; ionainn, ionaibh, iontu. 1(Of place) aIn Dublin, i mBaile Átha Cliath. In Munster, sa Mhumhain. In Knock, ar an gCnoc. In such and such a place, ina leithéid seo d'áit. The streets in Derry, sráideanna Dhoire. To be in town, bheith sa chathair. In the world, ar domhan, sa domhan. In the country, faoin tuaith. Mil: In the field, ar an mblár. In the press, á chur i gcló. In prison, i bpríosún. In school, ar scoil. In church, san Eaglais, i dTeach an Phobail. In bed, ar an leaba. In John's house, tigh Sheáin. In the second chapter, sa dara caibidil. My fate is in your hands, tá mo chinniúint ar do lámha. In the distance, i bhfad uait. If I were in your place, dá mba mise thú. He was wounded in the shoulder, loiteadh an ghualainn aige. b(Among) In the crowd, i measc an tslua. It is not done in our circle, ní dhéantar a leithéid sin inár meascna. He is in the sixties, tá na trí scór cnagtha aige. 2(In respect of) He is blind in one eye, tá leathshúil chaoch aige. He is strong in Latin, tá sé go maith chun na Laidine. Two feet in length, dhá throigh ar fad. The books, three in number, na leabhair, trí cinn acu atá ann. 3(Of ratio) One in ten, ceann as na, sna, deich gcinn. To pay two shillings in the pound, dhá scilling sa phunt, as an bpunt, a íoc. Once in ten years, uair i gceann na ndeich mbliana. 4(Of time) aIn those days, san am sin. In the time of Cormac Mac Art, le linn, in aimsir, Chormaic Mhic Airt. In the night, san oíche, le hoíche, istoíche, ar shiúl oíche. In the afternoon, san iarnóin. At four o'clock in the afternoon, ar a ceathair a chlog tráthnóna. In the evening, tráthnóna. In Spring, san Earrach. In May, faoi Bhealtaine, i mí na Bealtaine. In the future, feasta. In the past, san am atá caite. Never in my life, riamh i mo shaol. bTo do sth. in three hours, rud a dhéanamh i dtrí huaire an chloig. He'll be here in three hours, beidh sé anseo faoi cheann trí huaire. In a little while, i gceann tamaill bhig. cIn crossing the river, ag dul trasna na habhann. 5(Of condition, state) She was in tears, bhí na deora léi. In despair, in éadóchas. In sorrow, faoi bhrón. In haste, faoi dheifir. In anger, le buile. Any man in his senses, fear ar bith agus a chiall is a chéadfaí aige. A sheep in lamb, caora a bhfuil uan inti. 6(Clothed in) In his shirt, ina léine. She was dressed in white, culaith gheal a bhí uirthi. 7To go out in the rain, dul amach faoin bhfearthainn. In the sun, faoin ngrian. In the dark(ness), sa dorchadas. You are in my light, tá tú sa solas orm. 8(Engaged in) He is in the motor business, gnóthaí gluaisteán atá idir lámha aige; le gnóthaí gluaisteán atá sé. 9In my opinion, de réir, ar feadh, mo bharúla. In justice, de réir cirt. 10a(Of manner) In a gentle voice, de ghlór caoin. In that way, ar an gcaoi sin. To be in (the) fashion, bheith san fhaisean. bTo write in French, scríobh i bhFraincis, as Fraincis. To write in ink, scríobh le dúch. In writing, ar pháipéar. To talk in whispers, labhairt i gcogar, de chogar. cTo walk in groups, siúl ina scataí. They stood in a row, bhí siad ina seasamh ina líne. In alphabetical order, de réir aibítre. Packed in dozens, iad pacáilte ina ndosaenacha. d(Of material) Dress in white silk, gúna de shíoda bán. eIn the form of . . ., i riocht, i gcruth. fThey died in hundreds, fuair siad bás ina gcéadta. In places, in áiteanna. 11aTrue in itself, fíor ann féin. It is not a poison in itself, ní nimh ann féin é. bA peculiarity in young people, tréith ar leith de chuid na hóige. cF: They are not in it with you, níl siad ar aon iomaire leat. You are not in it, níl seans ar bith agat. IIadv.1a(At home) Istigh, faoi theach. bThe harvest is in, tá an fómhar istigh. cThe train is in, tá an traein istigh, tagtha. Is the fire still in?an bhfuil deargadh sa tine fós?dIn with it!isteach leis!2aThe Labour Party were in, Cumann Lucht Oibre a bhí i réim. b(Of fruit, etc.) (i) Ar an margadh. (ii) Aibí. cMy hand is in, tá mé faoi shiúl. dTo be (well) in with s.o., bheith mór le duine. eMy luck is in, tá babhta den ádh orm. 3We are in for a storm, tá doineann ag tarraingt orainn; tá stoirm air. He is in for it, tá sé faoina chomhair; íocfaidh sé é. 4Phrases. aDay in, day out, lá i ndiaidh an lae. bAll in (i) The prices quoted are all in, tá iomlán costais sna luachanna a luaitear. (ii) F: I'm absolutely all in, tá mé i ndeireadh na péice. IIIs.F: He knows the ins and outs of the matter, tá bun agus barr an scéil aige; tá fios fátha an scéil aige. The ins and outs of the house, poill agus prochóga an ti; gach aon choirnéal sa teach.