Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: chonac · chonairc · chonnaic · choinic · caonach
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Chonaic could be a grammatical form of: feic »
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I saw it from afar, chonaic mé i bhfad uaim é.
I was affected by the sight of it, tháinig tocht orm nuair a chonaic mé é.
I saw him on Tuesday afternoon, chonaic mé tráthnóna Dé Máirt é.
No longer ago than last week I saw him, níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é.
He saw it also, chonaic seisean é chomh maith céanna.
Any amount of people saw it, chonaic a lán daoine é.
Anyone who had seen him at the time . . ., cibé, an té, a chonaic san am é...
As I live I saw him strike the blow, chomh cinnte agus atá mé beo chonaic mé ag bualadh an bhuille é.
He was astonished at seeing it, bhí an dubhiontas air nuair a chonaic sé é.
My astonishment at seeing him, an t-iontas a bhí orm nuair a chonaic mé é.
It's years since I saw him, tá sé na blianta ó chonaic mé é.
I have seen him before, chonaic mé cheana é.
Seeing is believing, mo dhá shúil a chonaic é; ní scéal scéil atá agam air.
A burnt child dreads the fire, 'chonaic mé cheana thú,' mar a dúirt an cat leis an mbainne bruite; each a buaileadh sa cheann é.
I saw him but an hour ago, níl sé ach uair ó chonaic mé é.
When I saw him at close quarters, nuair a chonaic mé i ngar dom é.
I saw him the other day, chonaic mé é, an lá faoi dheireadh, an lá cheana.
Different people saw him, chonaic daoine éagsúla é, ní aon duine amháin a chonaic é.
I saw it away in the distance, chonaic mé i bhfad uaim é.
Did you see him? -- I did, an bhfaca tú é? Chonaic.
I wanted to see him and I did so, bhí mé ag iarraidh é a fheiceáil agus chonaic mé é.
I saw it with my own eyes, mo dhá shúil a chonaic é.
I saw him from afar, chonaic mé i bhfad uaim é.
I saw him but not her, chonaic mé eisean ach ní fhaca mé ise.
I saw her, chonaic mé ise.
I saw him but not you, chonaic mé eisean ach ní fhaca mé tusa.
I saw him, chonaic mé eisean.
If he came, he saw it, má tháinig sé, chonaic sé é.
I saw him just now, anois go díreach, anois beag, a chonaic mé é.
I saw him against the light, chonaic mé idir mé agus léas é.
F: He saw the red light, chonaic sé an baol ag bagairt.
I saw quite a lot of him in Paris, chonaic mé minic go maith é i bPáras.
Many a one saw it, is iomaí duine a chonaic é; chonaic mórán é.
Many have seen it, chonaic mórán, go leor, a lán, é; is mór a chonaic é.
As many as ten people saw it, chonaic suas le deichniúr é.
He saw me, chonaic sé mé.
He saw me, chonaic sé mise.
I saw him a moment ago, chonaic mé ar ball beag é.
The moment I saw him I recognized him, chomh luath géar agus chonaic mé é d'aithin mé é.
I saw him on Monday, chonaic mé Dé Luain é.
I saw him this morning, chonaic mé ar maidin é.
When I next saw him, an dara huair a chonaic mé é; nuair a chonaic mé arís é.
He was the only one who saw it, ba é an t-aon duine amháin a chonaic é.
I saw him the other day, chonaic mé an lá faoi dheireadh, an lá cheana, é.
Other people have seen it, chonaic daoine eile chomh maith é.
I saw it with my own eyes, chonaic mé le mo dhá shúil féin é.
I saw it with my own eyes, mo dhá shúil a chonaic é.
I saw him in the distance, chonaic mé uaim é.
I saw him do it, chonaic mé á dhéanamh é.
I saw him coming, chonaic mé ag teacht é.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News