year, s.Bliain f -na. (pl. usu.blianta; blianaafter num. a.).In the year 1850, sa bhliain 1850. He was sentenced to ten years' imprisonment, cuireadh deich mbliana príosúin air. A year last March, bliain go Marta a d'imigh tharainn. Last year, anuraidh; an bhliain seo caite. This time last year, bliain an taca seo. This time next year, bliain ón am seo. This year, i mbliana. The year before last, arú anuraidh. Next year, an bhliain seo chugainn. In the New Year, san athbhliain. He is ten years old, tá deich mbliana aige. To let sth. by the year, rud a ligean ar cíos bliana. For many a long year, leis na blianta fada. From year's end to year's end, ó cheann ceann na bliana. Since the beginning of the year, ó tháinig an bhliain. Of recent years, ar na saolta deireanacha, le blianta beaga anuas. Year in (and) year out, year after year, bliain i ndiaidh bliana. Years ago, na blianta ó shin. In after years, (an) lá is faide anonn; sa saol atá le teacht. From his earliest years, ó thosach a óige. Old for his years, (i) sean ina aois; (ii) (páiste) seanórtha. There is a great disparity in years between them, tá difir mhór aoise eatarthu. He is getting on in years, tá sé ag dul anonn sna blianta. Advanced in years, tonn-aosta, cnag-aosta.