EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
young . 1 a . a Óg . The younger son , an dara mac . We are only young once , ní thagann an óige faoi dhó choíche . I am not so young as I was , ag dul in aois ag dul chun donachta . Young people , aos m óg . S.a. LADY 1, 4, MAN1 3. Young Mr. Walsh , (i) an Breatnach Óg ; (ii) an fear óg sin de Bhreatnach . b You are getting younger , ag dul in óige atá tú . c The night is still young , tá sé óg fós san oíche . d Young Ireland , Éire Óg ; an ghlúin óg . 2 s .pl . inv. a An Óige, an t-aos óg . Old and young , idir chríon agus óg, idir liath agus leanbh . b (Of animals) Ál m , cuain f , óga mpl . The fox and its young , an sionnach agus na ceanna beaga .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
An athletic young fellow , stócach ligthe lúfar ; stócach crua gasta
F : Young blood , ógánach m .
To bring out a young girl , cailín óg a chur in aithne don phobal .
Considering that he is so young , agus a rá go bhfuil sé chomh hóg sin ; agus é bheith chomh hóg sin .
The young couple , an lánúin óg .
Dandified young man , gaige m , péacóg f .
Eligible young man , páirtí oiriúnach .
Young gentleman , ógánach m .
She's a giddy young thing , baothóg í .
Little girl, young girl , gearrchaile m , girseach f , cailín beag .
A girlish young man , síle f , piteog f .
A young gull , grogaire m , gulaí m .
Is he a young man? -- He is , an fear óg é? -- Sea .
A peculiarity in young people , tréith ar leith de chuid na hóige .
This instinct is instanced in young children , léirítear an nádúr sin i bpáistí óga .
Young lady , ógbhean f , bean óg .
P : My young lady , mo chailín, mo chiairseach, mo leannán .
Travel licks a young man into shape , cuireann taisteal cruth ar ógánach .
A likely young man , ógánach a bhfuil gealladh faoi .
He looks young for his age , tá cuma na hóige air dá aois .
P : My young man , mo bhuachaill m ; mo stócach m .
You young monkey! a amhais!
To mother a young wolf upon a bitch , coileán faolchú a chur á thógáil ag madra .
He is no longer young , ní óg atá sé anois .
Is she young? -- I think not , an bhfuil sí óg? -- Sílim nach bhfuil ; ní dóigh liom é .
Old and young , óg agus aosta ; ó liath go leanbh .
Once when I was young , lá amháin le linn m'óige .
Fine opening for a young man , seans breá d'ógfhear .
The young people , an t-aos óg .
A young person goes through many phases , is iomaí craiceann a chuireann an óige di .
Hist : The Young Pretender , Séarlas m Óg .
A promising young man , ógfhear a bhfuil gealladh faoi .
Young rabbit , patachán m .
Romantic young woman , ógbhean f aislingeach .
Young salmon , diúilín m , samhlachán m .
(Of child) Young scamp , áilteoirín m , bocaí m .
Young ladies' seminary , coláiste cailíní óga .
Is she a young woman? - She is . an bean óg í? - Sea .
To shoot up into a young man , fás suas go tapaidh i d'fhear óg .
To slip its young , marbhshearrach (-lao, etc.) a chaitheamh, a chailleadh .
Young man who has steadied down , ógfhear a thit ar a chiall .
He died young, which was not surprising , cailleadh óg é, ní nach ionadh .
I found him looking surprisingly young , chonacthas dom a bheith i bhfad níos óige ná mar a bheadh coinne agat .
It will be the easier for you as you are young , tá tú óg agus sin mar is fusa dhuit é ; is amhlaidh is fusa dhuit é ón uair go bhfuil tú óg .
Are they young men? -- They are , an fir óga iad? -- Sea .
He is a young Turk , is é an diabhailín é .
Young turkey , éan m turcaí .
F : Unattached young lady , ógbhean shingil, dhíomhaoin .