aer1, m. (gs. aeir).1. Air. ~ glan, salach, pure, polluted, air. ~ úr na maidine, fresh morning air. ~ na hoíche, the night air. ~ na farraige, an tsléibhe, sea, mountain, air. An t-~ os ár gcionn, the air above us. Athrach, malairt, aeir, change of air. ~ a chur i, a ligean as, rud, to inflate, deflate, sth. Léim a thabhairt (in airde) san ~, to jump into the air. Thuas, in airde, san ~, up in the air. Amuigh faoin ~, outdoors, in the open air. Tá ~ beag gaoithe ann, there is a little breath of wind. Lig ~ na tine chugainn, let us get the heat of the fire (unobstructed). Caint san ~, nonsensical talk. Níl lá san ~ nach dtagann sé, he comes every single day. S.a. bonn15. 2. Sky. Tá an ghrian ar an ~, the sun is up. Tá na réaltaí ar an ~, the stars are out. Faoi bhéal an aeir, under the open sky. Duine a mholadh go h~, to praise s.o. to the skies. Prov:Ní leithne an t-~ ná an timpiste, accidents will happen. An t-amadán is mó idir ~ is uisce, the greatest fool on earth. An bhean is breátha a chuir a haghaidh le h~, the most beautiful woman ever born. Níor shéid aon lá as an ~ ba mheasa ná é, there never was a stormier day. Rud a chur in, san, ~, to blow sth. sky-high. Chaith sé in, san, ~ é, he threw it up, abandoned it. S.a. fál12. 3. Climate. Tá ~ na hÉireann tais, the Irish climate is humid. Measarthacht aeir, mildness of climate. 4. Gaiety, pleasure. ~ an tsaoil, the pleasures of the world. Ag imeacht le h~ an tsaoil, pleasure-seeking, leading a gay life. Chaith sé a chuid airgid le h~ an tsaoil, he spent his money on pleasure. Ag déanamh aeir dóibh féin, taking the air, enjoying themselves. ~ an bhaile mhóir, the gaiety of the city.
aer2, m. (gs. & npl. aeir, gpl. ~).Air, tune.
aer3, m. (gs. aeir).Wonder. Ag déanamh aeir agus iontais díobh, regarding them with wonder and surprise. Amharc aeir agus iontais, a scene of wonder and surprise. (As vn.)Ag ~ orainn, gazing (in wonder) at us.
Chomh ~ is atá tú beo, grian ar an aer, méara ort, cluas ar do leiceann, gob ar phréachán, púdar i nDoire, an Cháisc ar an Domhnach! As sure as anything!