TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
debt , s . Fiach m . Bad debts , drochfhiacha, seanfhiacha . To be in debt , bheith i bhfiacha . I am in debt to him , tá fiacha aige orm . To be head over ears, up to the eyes, in debt , bheith báite i bhfiacha . I shall always be in your debt , beidh mé faoi chomaoin agat go brách . To be twenty pounds in debt , bheith fiche punt i bhfiacha . Funded debt, consolidated debt , buanfhiacha (stáit) . To pay the debt of, to, nature , bás a fháil . Biol : Oxygen debt , easpa f ocsaigine .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To acquit a debt , fiacha a íoc, a ghlanadh .
(Passive use) His debts add up to a thousand pounds , tá míle punt d'fhiacha air idir an t-iomlán .
To allow s.o. time to pay his debts , spás a thabhairt do dhuine lena chuid fiacha a íoc .
I don't know what my debts amount to , níl a fhios agam cé mhéad fiacha atá orm .
Bad debt , drochfhiacha mpl .
To get clear of debt , na fiacha a ghlanadh .
To collect a debt , fiacha a chruinniú .
Debts contracted , fiacha a tabhaíodh .
Contraction of debts , dul m i bhfiacha .
Deep in debt , báite i bhfiacha .
Doubtful debt , fiacha amhrasacha .
Debts due by us, by the firm , fiacha atá orainn, ar an gcomhlacht .
To be up to one's eyes in debt , bheith báite i bhfiacha .
He has fewer debts (than you) , is lú na fiacha atá air (ná mar atá ortsa) .
To forgive s.o. a debt , fiacha a mhaitheamh do dhuine .
Gambling debts , fiacha cearrbhachais, imeartha .
Gaming debt , fiacha imeartha, cearrbhachais .
I got in my debts , thóg mé mo chuid fiacha .
Good debt , fiacha siúráilte .
Growing debt , fiacha a bheadh ag méadú .
To secure a debt by mortgage , morgáiste a chur in urrús fiacha .
Mutual debts , fiacha mpl frithpháirteacha .
To pay up one's debts , do chuid fiacha a íoc, a ghlanadh .
To release a debt , fiacha a mhaitheamh .
Bad debts reserve , cúlchiste drochfhiacha .
To rid one's estate of debt , d'eastát a ghlanadh ó fhiacha .
Debt-ridden , báite i bhfiacha .
To run into debt , dul i bhfiacha .
To run s.o. into debt , duine a chur i bhfiacha .
To secure a debt by pledges , geallta a chur le fiacha ; bannaí a thabhairt i bhfiacha .
Security for a debt , geall ar son fiacha .
To set off a debt , fiacha a chúiteamh .
He paid his share of the debts , d'íoc sé a sciar de na fiacha .
To stand security for a debt , dul i mbannaí ar dhuine atá i bhfiacha .
Sunk in debt , báite, múchta, i bhfiacha .
Undischarged debt , fiacha gan íoc, gan ghlanadh .
The debt is weighing on his mind , tá na fiacha ag goilleadh ar an intinn aige .