Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: aye · bye · dye · eke · ere
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh eye »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
eye1, s. 1 Súil f. a She has brown eyes, tá súile donna aice. I gave him a black eye, d'fhág mé súil dhubh aige. One eye, leathshúil. To put out s.o.'s eyes, duine a dhalladh. He opened his eyes wide, leath na súile air. I saw it with my own eyes, mo dhá shúil a chonaic é. F: That made him open his eyes, bhain sin na fachailí as na súile aige. Until I close my eyes in death, go dtéann na hordóga ar mo shúile. He screwed up his eyes, chruinnigh sé a shúile. He did it with his eyes open, bhí a fhios aige go maith cad a bhí á dhéanamh aige. With their eyes starting out of their heads, agus na súile ag dul thar na mogaill orthu. He keeps his eyes open, F: skinned, bíonn na súile scafa aige. Keep your eyes open! bíodh súil in airde agat! (He was so sleepy) he could not keep his eyes open, (le barr codlata) bhí na súile ag dúnadh air. They cried their eyes out, chaoin siad uisce a gcinn. I opened his eyes to it, chuireas ar a shúile dó é. She shuts her eyes to the faults of her husband, scaoileann sí lochtanna a fir thairsti. She shuts her eyes to the truth, ní chreideann sí an fhírinne féin. To look s.o. straight in the eye, breathnú idir an dá shúil ar dhuine. He is up to the eyes in work, tá an fómhar ar leathadh air, tá na seacht sraith ar lár aige. To be up to one's eyes in debt, bheith báite i bhfiacha. With tears in her eyes, agus na deora léi. He looked on with dry eyes, d'fhair sé gach ní gan deoir a theacht ina shúil. P: My eye! aililiú! That's all my eye (and Betty Martin)! fastaím! níl ansin ach seafóid! Z: Simple eye, súil shimplí. b It catches the eye, is cuid súl é, rud cuidsúlach é. To catch John's eye, aire Sheáin a tharraingt. (In Parliament) To catch the Speaker's eye, cead cainte a fháil ón gCeann Comhairle. He has eyes at the back of his head, tá súile ina chúl aige. To set eyes on sth., súil a chur i rud. I haven't set eyes on him for years, ní fhacas dé air le blianta. Where are your eyes? cá raibh tú aimsir na súl? c She made eyes at John, F: she gave John the glad eye, bhí sí ag iompú catsúilí ar Sheán. To make sheep's eyes at s.o., súile glasóige a chaitheamh ar dhuine. To see eye to eye with s.o., bheith ar aon aigne le duine. You could see that with half an eye, d'fhéadfadh fear dall an méad sin a fheiceáil. Mil: Eyes right! dearcaigí faoi dheis! Eyes front! dearcaigí romhaibh! d Give an eye to it, tabhair aire dó. Mind your eye! aire dhuit! Keep a strict eye on John, bí san airdeall ar Sheán. Golf: Keep your eye on the ball, greamaigh do shúil sa liathróid. Keep your eye on him! ná lig as do radharc é! Under the eye of the teacher, faoi stiúradh an mhúinteora. He was all eyes, bhí na súile ar tí preabadh as a cheann ag faire. Before my eyes, ar m'aghaidh amach, os comhair mo shúl. e He has an eye for a horse, is breitheamh maith capall é. Sp: To have one's eye well in, an tsúil a bheith cleachta go maith ag duine. f To be very much in the public eye, bheith go mór os comhair an phobail. 2 a Eyes in the peacock's tail, súilíní fpl eireabaill na péacóige. b Hort: Súil f. 3 Cró m (snáthaide); súil (rópa). S.a. HOOK1 1. 4 a (Of viewfinder) Súil f. b El.E: Electric eye, súil leictreach. 5 Nau: In the wind's eye, i gcoinne na gaoithe.
eye2, v.tr. Féachaim ar, dearcaim (go grinn, le héad, etc.). To eye someone from head to foot, duine a iniúchadh ó bhonn go baitheas.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Almond (-shaped) eyes, súile caola.
Apple of the eye, (i) meall m na súile; (ii) F: úillín óir.
Argus-eyed, géarshúileach, airdeallach.
Bags under the eyes, sprochaillí fpl faoi na súile.
Baggy eyes, súile a bhfuil sprochaillí fúthu.
Prov: Beauty is in the eye of the beholder, folaíonn grá gráin; nochtann grá gnaoi.
Her eyes were bedimmed with tears, bhí a súile dallta ag deora.
Before my (very) eyes, os coinne mo dhá shúl.
Bird's-eye view, perspective, radharc m anuas(of, ar).
Bird's-eye maple, mailp dhualach.
Black eye, súil dhubh.
F: To give s.o. a black eye, a mhala a fhágáil ar an tsúil ag duine.
F: To black s.o.'s eye, súil dhubh a fhágáil ag duine.
Blind in one eye, leathchaoch.
He turned a blind eye to it, lig sé air féin nach bhfaca sé é.
Bloodshot eye, súil dhearg, súil shreangach, ruaimneach.
One of his eyes is blood shot, tá séideadh fola ar leathshúil leis.
Her eyes were blurred with tears, bhí na súile leathnaithe inti de bharr goil.
Bright eyes, súile lonracha, glinniúla.
His eyes brightened, tháinig loinnir ina shúile.
Her eyes were brimming over with tears, bhí linn uisce lena súile.
It brought tears to her eyes, bhain sé deora as na súile aici.
Bulging eyes, súile pléascacha, bolgshúile fpl.
He bulks large in their eyes, tá sé ina bhall mór acu.
Bull's-eye window, fuinneog chruinn.
To make a bull's-eye, an sprioc a bhualadh.
Eyes bunged up, súile druidte (de bharr gortaithe, tinnis).
To burn s.o.'s eyes out, na súile a loscadh ag duine.
He has a cast in his eye, tá claonfhéachaint, fiarshúil, ann.
He cast his eyes about, bhreathnaigh sé faoi agus thairis.
I was trying to catch his eye, bhí mé ag iarraidh a umhail a tharraingt orm.
He was looking, having an eye, to the main chance, bhí sé ag coinneáil súil ar a leas.
He has circles around the eyes, tá boghaisíní faoi na súile aige.
F: To clap eyes on s.o., súil a leagan ar dhuine.
Cock of the eye, caochadh m, claonadh m, na súile.
He cocked his eye at her, chaoch sé an tsúil uirthi; chaith sé an tsúil uirthi.
A look out of the corner of one’s eye, dearcadh fiar, claon.
To look on sth. with a critical eye, rud a bhreithniú go grinn.
He cried his eyes out, chaoin sé uisce a chinn.
F: The cynosure of every eye, cuid súl cách; scáthán m gach súile.
She was dabbing her eyes with a handkerchief, bhí sí ag tabhairt smitíní beaga den chiarsúr dá súile.
ox-eye daisy, nóinín mór.
To be head over ears, up to the eyes, in debt, bheith báite i bhfiacha.
I thought my eyes were deceiving me, ní fhéadfainn radharc mo dhá shúl a chreidiúint.
A person having deep-set eyes, duine cuas-súileach.
He destroyed his eyes by reading, chuir sé drochbhail ar a shúile leis an léitheoireacht.
Eyes dewed with tears, súile braonacha.
Eyes that were dim with tears, súile a bhí dallta ag deora.
Eyes dimmed with weeping, súile a bheadh dallta ag deora.
I distrusted my own eyes, níor chreid mé radharc mo shúl.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht