Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: debit · deft · dent · det · beat
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh debt »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
debt, s. Fiach m. Bad debts, drochfhiacha, seanfhiacha. To be in debt, bheith i bhfiacha. I am in debt to him, tá fiacha aige orm. To be head over ears, up to the eyes, in debt, bheith báite i bhfiacha. I shall always be in your debt, beidh mé faoi chomaoin agat go brách. To be twenty pounds in debt, bheith fiche punt i bhfiacha. Funded debt, consolidated debt, buanfhiacha (stáit). To pay the debt of, to, nature, bás a fháil. Biol: Oxygen debt, easpa f ocsaigine.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To acquit a debt, fiacha a íoc, a ghlanadh.
(Passive use) His debts add up to a thousand pounds, tá míle punt d'fhiacha air idir an t-iomlán.
To allow s.o. time to pay his debts, spás a thabhairt do dhuine lena chuid fiacha a íoc.
I don't know what my debts amount to, níl a fhios agam cé mhéad fiacha atá orm.
Bad debt, drochfhiacha mpl.
To get clear of debt, na fiacha a ghlanadh.
To collect a debt, fiacha a chruinniú.
Debts contracted, fiacha a tabhaíodh.
Contraction of debts, dul m i bhfiacha.
Deep in debt, báite i bhfiacha.
Doubtful debt, fiacha amhrasacha.
Debts due by us, by the firm, fiacha atá orainn, ar an gcomhlacht.
To be up to one's eyes in debt, bheith báite i bhfiacha.
He has fewer debts (than you), is lú na fiacha atá air (ná mar atá ortsa).
To forgive s.o. a debt, fiacha a mhaitheamh do dhuine.
Gambling debts, fiacha cearrbhachais, imeartha.
Gaming debt, fiacha imeartha, cearrbhachais.
I got in my debts, thóg mé mo chuid fiacha.
Good debt, fiacha siúráilte.
Growing debt, fiacha a bheadh ag méadú.
To secure a debt by mortgage, morgáiste a chur in urrús fiacha.
Mutual debts, fiacha mpl frithpháirteacha.
To pay up one's debts, do chuid fiacha a íoc, a ghlanadh.
To release a debt, fiacha a mhaitheamh.
Bad debts reserve, cúlchiste drochfhiacha.
To rid one's estate of debt, d'eastát a ghlanadh ó fhiacha.
Debt-ridden, báite i bhfiacha.
To run into debt, dul i bhfiacha.
To run s.o. into debt, duine a chur i bhfiacha.
To secure a debt by pledges, geallta a chur le fiacha; bannaí a thabhairt i bhfiacha.
Security for a debt, geall ar son fiacha.
To set off a debt, fiacha a chúiteamh.
He paid his share of the debts, d'íoc sé a sciar de na fiacha.
To stand security for a debt, dul i mbannaí ar dhuine atá i bhfiacha.
Sunk in debt, báite, múchta, i bhfiacha.
Undischarged debt, fiacha gan íoc, gan ghlanadh.
The debt is weighing on his mind, tá na fiacha ag goilleadh ar an intinn aige.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht